Osclóidh seo an príomhroghchlár

Is eagraíocht de stáit Afracacha é an tAontas Afracach (AA) a cruthaíodh 9 Iúil, 2002 in Durban, an Afraic Theas, de bhun Dhearbhú Sirte an 9ú Meán Fómhair, 1999. Tháinig sé in ionad Eagraíocht na hAontachta Afracach (EAA) [2]. Bunaíodh a chuid institiúidí (An Coimisiún, an Pharlaimint Phan-Afracach agus an Chomhairle Síochána agus Slándála) in Iúil 2003 ag cruinniú Maputo i Mósaimbíc.

An tAontas Afracach
Bratach an Aontais Afracaigh
Bratach an Aontais Afracaigh
Map of the African Union with Suspended States.svg

Ballstáit an tAontais Afracaigh
Ceanncheathrú: Flag of Ethiopia.svg Adas Ababa - comhdháil agus coimisiún
Flag of South Africa.svg Midrand - parlaimint
Ballraíocht: 55 Bhallstát
Teangacha oifigiúla: Araibis, Béarla, Fraincis, Portaingéilis, Spáinnis, Svaihílis [1]
Ard-Rúnaí: Flag of Egypt.svg Abdel Fattah el-Sisi - comhdháil
Flag of Chad.svg Moussa Faki - coimisiún
Flag of Cameroon.svg Roger Nkodo Dang - parlaimint
Foirmiú: 2002
Suíomh gréasáin oifigiúl: www.au.int

Ba é Thabo Mbeki, as an Afraic Theas, céad uachtarán na heagraíochta, é tar éis a bheith ina uachtarán ar an EAA roimhe sin.

Is iad na spriocanna is atá ag an eagraíocht ná oibriú leis an daonlathas, na ceartaí daonna, agus an fhorbairt daonna a chur chun cinn ar fud na hAfraice, go háirithe tríd an infheistíocht seachtrach a ardú tríd an chlár 'Comhpháirtíocht Nua ar son Fhorbairt na hAfraice'. Is rún leis an eagraíocht fosta banc lárnach forbartha a chur ar bun.

TagairtíCuir in Eagar