Asgard (luamh)

(Athsheolta ó An tAscar)

Is luamh le rige geaifil é an tAsgard (nó an Asgard i mBéarla), sé mhéadar déag ar a fhad. Bhí cáil ar an Asgard ó thabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair sa bhliain 1914. Colin Archer, an t-ailtire cabhlaigh cáiliúil as an Iorua, a thóg.[1]

Bosca Sonraí SoitheachAsgard
LongchlósColin Archer Cuir in eagar ar Wikidata
Costas1,000 £ Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Saintréithe teicniúla
CineálLuamh Cuir in eagar ar Wikidata
Fad51 ft Cuir in eagar ar Wikidata

Tógadh an luamh an tAscar i 1904/5. Tugadh é mar bhronntanas pósta do Molly (Mary) Osgood, óna tuismitheoirí, nuair a phós sí Erskine Childers i 1905, Sasanach a bhí an-dílis don impireacht ag an am, agus údar an leabhair Riddle of the Sands.

Tabhairt i dtír na ngunnaí i mBinn Éadair cuir in eagar

Nuair a chonaic Childers go raibh Óglaigh Uladh á n-armáil féin agus ag bagairt foréigin in aghaidh Rialtas Dúchais d'Éirinn, thug Childers aird ar éileamh na nÓglach Náisiúnta. Bheartaigh sé cabhrú leo roinnt gunnaí a fháil mar fhreagra ar an mbagairt ó na dílseoirí.

Ar an 26 Iúil 1914 thug Erskine agus Mary, agus ceathrar eile, lastas de 900 raidhfil agus 25,000 piléar leo as Hamburg na Gearmáine go Binn Éadair, tar éis dóibh turas garbh a chur díobh tríd an Mhuir Thuaidh agus Muir Éireann.

Níós déanaí, timpeall 4pm, rinne arm na Breataine iarracht na hairm a ghabháil i mBinn Éadair.

Timpeall 6pm, bhris círéib amach i lár na cathrach, agus na saighdiúirí ag filleadh ar ais go dtí a mbeairicí. Maraíodh triúr sa scliúchas, ar Shiúlán Bhaitsiléir, i mBaile Átha Cliath.[2]

 
An tAsgard, 1960, duga tirim

Mír iarsmalainne cuir in eagar

Dhíol bean Childers an Asgard i 1926 agus bhí úinéirí éagsúla aige go dtí gur cheannaigh Rialtas na hÉireann é i 1961, le húsáid mar bhád traenála. Bunaíodh Coiste an Asgard i 1968 agus leanadh ar aghaidh dá úsáid chun an tseoltóireacht a theagasc do dhaoine óga na hÉireann go dtí 1974. Cuireadh an seanbhád ar taispeáint in Iarsmalann Stairiúil Phríosúin Chill Mhaighneáin i 1979.

Asgard II cuir in eagar

 
An tAsgard II, 23 Iúil 2008

Bhí bád eile ag Coiste an Asgard, ar a dtugtar an Asgard II a coimisiúnaíodh i 1981. Baineadh úsáid as mar chéad shoitheach náisiúnta oiliúna seolta na hÉireann. Chuaigh an Asgard II go tóin poill ar an 11 Meán Fómhair 2008 i mBá na Bioscáine. Ar an 23 Feabhra 2009, d'fhógair rialtas na hÉireann nach n-ardófar arís é.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ard-Mhúsaem na hÉireann. "An luamh cáiliúil, an tAscar" (ga). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2020-07-26.
  2. "Turtle Bunbury - Award-winning travel writer, historian and author based in Ireland". www.turtlebunbury.com. Dáta rochtana: 2020-07-26.