Is tír san Afraic í an tSúdáin, (Araibis: السودان) nó Poblacht na Súdáine (Araibis: جمهورية السودان), agus roimh 2011, an tír is mó san Afraic (bhain an tSúdáin Theas a cuid neamhspleáchais amach ó Phoblacht na Súdáine in 2011). Is í Cartúm príomhchathair na tíre. Tá sí ag críochantacht leis an Libia, An Éigipt, An Eiritré, An Aetóip, An tSúdáin Theas, Poblacht na hAfraice Láir agus le Sead.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn tSúdáin
جمهورية السودان (ar) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnNahnu Jund Allah Jund Al-watan Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«النصر لنا» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 15°N 32°E / 15°N 32°E / 15; 32

PríomhchathairCartúm Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán40,533,330 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús21.49 hab./km²
Teanga oifigiúilan Araibis
Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deAn Afraic Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla1,886,068 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeDeriba Caldera (en) Aistrigh (3,042 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn Mhuir Rua (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síAnglo-Egyptian occupation of Sudan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1 Eanáir 1956
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht chónaidhme Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachNational Legislature (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Chairman of the Transitional Military Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataOmar al-Bashir (1989–2019) Cuir in eagar ar Wikidata
• Prime Minister of Sudan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataAbdalla Hamdok (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil34,229,513,775 $ (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraSudanese pound (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.sd Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+249 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála999 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreSD Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinsudan.gov.sd… Cuir in eagar ar Wikidata

Tíreolaíocht cuir in eagar

Is í Cartúm príomhchathair na Súdáine. Ritheann an Níl tríd an tír; is i gCartúm a thagann an Níl Ghorm agus an Níl Bhán le chéile le haon abhainn amháin, an Níl féin, a dhéanamh. Is é Jebel Mara (nó Sliabh Mara) an sliabh is mó san tír. Tá sé suite in iarthar na tíre i Darfur.

Geilleagar cuir in eagar

Tá an tSúdáin ar cheann de na tíortha is boichte ar domhan agus timpeall €680 in aghaidh na bliana an meánphá sa bhliain atá ag an 46 milliún duine atá in gcónaí ann, sa bhliain 2021.[1]

Stair cuir in eagar

Sa tseanaimsir, thugtaí an t-ainm Arabach Bilad-al-Sudan (nó as Gaeilge, ceantar na nGorm), ar an gceantar ar fad atá ar an taobh ó dheas den tSahára.

19ú haois cuir in eagar

Ón 19ú haois i leith (ón mbliain 1820 ar aghaidh), cuireadh cuid mhaith de chríocha na Súdáine (sa tuaisceart ach go háirithe) faoi chois rialtais ar a nglaoitear Turkiyya; b'é seo an rialtas Tuirceach-Éigipteach, faoi údarás an Cheidív i gCaireo. Le linn an ama seo, thosaigh an rialtas ag gabháil sclábhaithe sa deisceart le húsáid mar shaighdiúirí, nó le hiad a dhíol.

Faoi bhrú na gcumhachtaí móra, rinne an Éigipt iarracht an sclábhaíocht a chur ar ceal sna 1840idí.

I ndeireadh na dála, d'éirigh na Súdánaigh amach i gcoinne an rialtais faoi cheannas Muhammed Ahmed, a ghlac ainm an Mhahdaí air féin. Ar an 13ú lá de Mhí na Márta, sa bhliain 1884 chuir arm an Mhahdaí Cartúm faoi léigear. B'é an ginearál Sasanach, Charles George Gordon, a bhí i gceannas ar fhórsaí na cathrach.

Ar deireadh, ar an 26ú lá d'Eanáir, 1885, d'éirigh le harm an Mhahdaí an lámh in uachtar a bhaint amach. Maraíodh Gordon i dteach an ghobharnóra, agus baineadh a chloigeann dá chorp le taispeáint don Mhahdaí go raibh sé marbh. Cé go bhfuair an Mahdaí bás tamall beag ina dhiaidh sin, lean a rialtas (an rialtas Mahdaíoch, mar a déarfá) ar aghaidh go dtí an bhliain 1898 - 1899, agus an Cailif Abdullahi i gceannas air. Bhunaigh an rialtas Mahdaíoch an chathair úd Omdurman, agus gaireadh príomhchathair an rialtais Mhahdaígh di.

Ar an dara lá de Mheán Fómhair, 1898 d'éirigh le harm Éigipteach-Sasanach faoi cheannas an tSiordáir Horatio Kitchener i gCath Omdurman i gcoinne arm an rialtais Mhahdaígh (nó arm na nAnsar, mar a thugtar air de ghnáth - is focal Araibise é ansar a chiallaíonn "lucht cabhrach", agus is é is brí leis i gcomhthéacs an Ioslaim ná iad siúd a chabhraigh leis an bhFáidh Muhammad nuair a bhí sé á ghéarleanúint agus ar a sheachnadh go fóill).

Sna blianta ina dhiaidh sin, cuireadh an tír ar fad faoi chois an rialtais Angla-Éigiptigh.

Ghlac Winston Churchill páirt sa chogadh sin, agus é ag obair ina chomhfhreagraí don nuachtán Sasanach The Morning Post (Ziegler, 1973).

20ú haois ː Cogadh cathartha sa Deisceart cuir in eagar

Sa bhliain 1956 bhain An tSúdáin amach a neamhspleáchas. D'éirigh troid idir muintir an deiscirt agus an rialtas nua i gCartúm ón mbliain 1955 amach, agus lean sé ar aghaidh i ré an neamhspleáchais féin. B'é sin an Chéad Chogadh Cathartha sa tSúdáin, nó Cogadh Anya-Nya, mar a thugtar air freisin. Is é is brí le hanya-nya sa teanga Madi ná "nimh nathrach", agus is é sin an t-ainm a ghlac arm an Deiscirt orthu féin. Tháinig deireadh leis an chéad chogadh cathartha sa bhliain 1972 le Comhaontú Addis Ababa, a bhronn féinrialtas áirithe ar an deisceart, ach thosaigh cogadh nua, an Dara Cogadh Cathartha, sa bhliain 1983. B'é ba chúis leis an gcogadh seo ná gur thit an tóin as an bhféinrialtas, nuair a bhagair an tUachtarán Jaafar Nimeiry an dlí Ioslamach a chur i bhfeidhm ar an stát ar fad, beag beann ar Chomhaontú Addis Ababa. Ansin, d'éirigh Arm Saoirse Mhuintir na Súdáine (Sudan People's Liberation Army, SPLA) amach in aghaidh an rialtais faoi cheannas John Garang.

21ú haois cuir in eagar

Cuireadh deireadh leis an dara cogadh cathartha ar an 24ú lá de Bhealtaine sa bhliain 2004, nuair a tháinig ceannaire an SPLA, John Garang, agus Tánaiste na Súdáine ar chomhréiteach maidir leis na fadhbanna seo (Seii, 2004).

Sa bhliain 2011, bhí reifreann ann sa deisceart i dtaobh neamhspleáchais. Bhí beagnach 99% de na vótaí ar a shon agus ar an 9ú lá Iúil scair an tSúdáin Theas ón gcuid eile den tír.

Cogadh san oirthear agus i nDarfur cuir in eagar

Cé gur baineadh síocháin amach sa deisceart sa bhliain 2011, níorbh é sin deireadh leis an tsíorchogaíocht sa tír, áfach. Lean na trioblóidí ar aghaidh in oirthear na tíre, go háirithe nuair a chuaigh dreamanna armtha (na mBeja)[2] chun troda in aghaidh an rialtais. Ansin, thosaigh cogadh nua i nDarfur in iarthar na tíre, áit a tharla cinedhíothú. Ar an 4ú Márta, 2009, d'eisigh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta barántas gafa ar Omar al-Bashir, uachtarán na Súdáine, as coireanna cogaidh agus coireanna i gcoinne an chine dhaonna.

Coimhlint na Súdáine, 2023 cuir in eagar

Cúltúr cuir in eagar

Mar léargas ar chineál meitheal i gcúltúr na Súdáine, féach ar Naffir.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Tógfaidh sé ‘roinnt laethanta eile’ Éireannaigh atá fós sa tSúdáin a aslonnú aisti" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-04-24.
  2. "Beja Congress" (as en) (2021-12-12). Wikipedia. 

Foinsí cuir in eagar