ar stair na hÉireann is ea Annála Inis FaithlinnFaithleann. Scríobhadh na hannála i Mainistir Inis Faithlinn i Loch Léin i gContae Chiarraí idir an 11ú haois agus an 14ú haois.

WD Bosca Sonraí LeabharAnnála Inis Faithlinn

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha agus lámhscríbhinn Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Laidin agus an Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
PríomhábharStair na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata

Tá breis is 2,500 iontráil ann agus iad ag cur síos ar imeachtaí idir 433 and 1450. Ceaptar gur cuireadh an lámhscríbhinn le chéile in 1092, mar gur scríobhaí amháin a bhí ag obair uirthi anuas go dtí sin ach go raibh a lán daoine á breacadh ina dhiaidh sin.[1] Tarrraingíodh ábhar as lámhscríbhinní ó áiteanna éagsúla i gCúige Mumhan agus as cnuastéacs de Chroinic na hÉireann, téacs a shíltear a scríobhadh ag Cluain Mhic Nóis.[2]

I dteannta na n-iontrálacha croineolaíocha, tá cuntas gearr briste sa lámhscríbhinn ar an ré réamh-Chríostaí in Éirinn, ó Abrahám go dtí Naomh Pádraig. Tá scéal na hÉireann agus na nGael suite laistigh de stair chomhchoitianta Eusebius, stair a léirítear trí chroinic dhomhanda Laidine agus trí shleachta as Réidig dam, a Dé, do nim, dán Meán-Ghaeilge a luaitear le Flann Mainistrech i lámhscríbhinní ina dhiaidh sin.

Tá na hannála le fáil anois sa Bodleian Library in Oxford mar MS Rawlinson B 503.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Evans, Nicholas (2010). The Present and the Past in Medieval Irish Chronicles. Studies in Celtic History 27, Boydell, Woodbridge: lgh 12-13
  2. Hughes, Kathleen (1972). Early Christian Ireland: Introduction to the Sources. Sources of History, Hodder and Stoughton, London: lgh 99–162, go háirithe lgh 99-116.