António Caetano de Abreu Freire Egas Moniz

Néaramháinlia is taidhleoir a rugadh in Avença na Portaingéile ab ea António Caetano de Abreu Freire Egas Moniz (29 Samhain 187413 Nollaig 1955).

António Caetano de Abreu Freire Egas Moniz

Aithnítear é mar bhunaitheoir na síceamháinliachta nua-aimseartha.

Bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1949 le Walter Hess as gearradh na néaróg ceangailte idir an maothán réamhthosaigh san inchinn is an chuid eile den inchinn (lóbaitime) a fhorbairt mar chóireáil bhunúsach ar mhí-eagair mheabhracha áirithe.

D'fhorbair sé an aingeaghrafaíocht freisin chun siadaí inchinne a dhiagnóisiú.

TagairtíCuir in Eagar