Antoine Lavoisier

ceimiceoir Francach

Ba é Antoine-Laurent de Lavoisier (26 Lúnasa, 17438 Bealtaine, 1794), athair na ceimice nua-aimseartha. Ba d'uasalaicme na Fraince é agus sa bhreis ar an gceimic bhain sé clú amach i gcúrsaí airgeadais, i mbitheolaíocht agus i gcúrsaí eacnamaíochta chomh maith.

Infotaula de personaAntoine Lavoisier

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fr) Antoine Laurent Lavoisier
Beathaisnéis
Breith26 Lúnasa 1743
Páras (Ríocht na Fraince)
Bás8 Bealtaine 1794
50 bliana d'aois
Place de la Concorde (An Chéad Phoblacht Fhrancach)
Siocair bháisPionós an bháis (Dícheannadh)
Áit adhlacthaErrancis Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Fermier général (en) Aistrigh
1770 – 1774 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síDámh an Dlí, Páras - licence, licentiate degree in law (en) Aistrigh (1761–1764) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeimic
Suíomh oibre Rue Bassompierre Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmceimiceoir, dlíodóir, réalteolaí, scríbhneoir, acadóir, bitheolaí, fisiceoir, eacnamaí, riarthóir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirFerme générale (en) Aistrigh (1768–) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidJean-Étienne Guettard, Nicolas Louis de Lacaille agus Jean-Antoine Nollet
Faoi thionchar
TeangachaAn Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaJean-Antoine Chaptal, Antoine François, comte de Fourcroy, Jean Noël Hallé, Claude-Louis Mathieu agus Claude Louis Berthollet
Teaghlach
CéileMary-Anne Paulze Lavoisier (1771–1794), bás Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJean-Antoine de Lavoisier  agus Emilie Punctis
Gradam a fuarthas
Síniú

Find a Grave: 12109587 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é an chéad duine a chuir chun chinn Dlí Imchoimeád na Maise (.i. ní théann ceal i mais agus ní chruthaítear mais nua i bpróisis fisiceacha ná ceimiceacha). D'aithin sé agus d'ainmnigh sé ocsaigin (1778) agus hidrigin (1783). Dhíchruthaigh sé teoiric an fhlógastóin. Thionscain sé an córas méadrach, scríobh sé síos an chéad liosta fairsing dúl agus d'athleasaigh sé ainmníocht cheimiceach.

Bhí sé in ann a rá go raibh a leithéid de dhúil agus sileacan ann sula raibh sé aonraithe ag aon cheimiceoir, agus bhí sé ar an gcéad duine ar tuigeadh dó gur dúil cheimiceach, seachas comhdhúil, a bhí sa sulfar.

Ós fear uasal a bhí ann, bhí sé ina bhall dá lán comhairlí agus comhthionól a bhí ag na huaisle sa Fhrainc, agus ba é ba thoradh dó seo nach raibh aon dea-chinniúint i ndán dó nuair a tháinig Muirthéacht na Fraince. Thar aon rud eile bhí baint aige leis an bhFerme générale, sórt údarás leathoifigiúil a bhí ag gearradh cánach agus táillí custaim beag beann ar aon chumhacht os a chionn, agus na baill ag éirí saibhir ar na cánacha mar sin. Bhí fuacht na ndaol ag na réabhlóidithe ar an bhFerme générale, agus ní ábhar iontais é go ndeachaigh Lavoisier faoi scian an ghilitín sa deireadh.

A Shaol cuir in eagar

Rugadh Antoine-Laurent de Lavoisier do theaghlach saibhir i bPáras ar an 26ú lá de Mhí Lúnasa sa bhliain 1743. Bhí a athair ina aturnae i bParlaimint Pháras, agus fuair sé slám maith airgid mar oidhreacht nuair a fuair a mháthair bás cúig bliana i ndiaidh bhreith a mic. Ní raibh sé ach aon bhliain déag d'aois nuair a thosaigh sé ag foghlaim scoile i gCollège des Quatre Nations (nó Coláiste Mazarin) in Ollscoil Pháras. Chuir sé suim san eolaíocht i rith an dá bhliain dheireanacha a chaith sé ag freastal ar an scoil sin, agus ansin rinne sé staidéar ar an gceimic, an luibheolaíocht, an réalteolaíocht agus an mhatamaitic. Ba é an teagascóir fealsúnachta a bhí aige ná Nicolas Louis de Lacaille, matamaiticeoir agus réalteolaí breathnaitheach a tharraing súil an dalta ar chúrsaí na haimsire agus ar an meitéareolaíocht. Chuir Lavoisier an-suim sa mheitéareolaíocht go lá a bháis.

Chaith Lavoisier seal ag staidéar dlí freisin agus bhain sé amach dintiúirí an dlíodóra sa bhliain 1764, cé nár chleacht sé ceird an dlíodóra riamh. Lean sé leis ag foghlaim eolaíochta mar chaitheamh aimsire.