Antonio Onofri

polaiteoir agus taidhleoir San Mairíneach

Ba pholaiteoir agus taidhleoir de chuid San Mairíne é Antonio Onofri (a rugadh 1759, a fuair bás an 26 Feabhra 1825), a bhí ina phearsa lárnach i saol polaitiúil na tíre sa chéad leath den 19ú hAois. Bhain a chuid "críonnacht agus tírghrá" le linn an tréimhse dúshlánach seo i stair na Poblachta amach dealbh dó sa Halla Chomhairle Phoiblí; chomh maith le sin, thuill sé an cur síos "Athair dá chuid tír".[1][2][3]

Infotaula de personaAntonio Onofri
Beathaisnéis
Breith1759
Bás26 Feabhra 1825
65/66 bliana d'aois
Member of the Grand and General Council of San Marino (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, taidhleoir Cuir in eagar ar Wikidata
Viale Antonio Onofri, 14, 47890 Città di San Marino

Saol cuir in eagar

Ba bhall é theaghlaigh ársa a bhí tionchar iontach á imirt acu ar dán na Phoblachta ar feadh na gcéadta bliain. Bhain sé amach oideachas críochnúil i bhfealsúnacht agus dlí. I 1787, bhísé ceaptha mar rúnaí stáit, agus sa bhliain 1789 bhí sé tofa ina bhall den Chomhairle Mór agus Ginearálta. I rith a ghníomhréim fada, ceapadh sé freisin mar Captaen Ríoga seacht n-uaire.

 
Guaita, San Marino

Tá éacht Onofri ceangalta ach go háirithe le cúrsaí polasaithe eachtrach, ina bhaineadh amach aitheantas do San Mairíne ag roinnt tíortha Eorpacha eile. I 1797, nuair a bhí campa ag Napoleon Bonaparte ag Pesaro (nach fada ó San Mairíne), diúltaíodh go grástúil ofráil ó toscaire an Ghinearáil, Gaspard Monge, go bhfórlíonóidh fearann na tíre.

Sin ráite, ghlac Onofri le 15,000 "quintal" chruithneachta agus gealltanas ceithre ball airtléire. Níor seoladh na gunnaí móra riamh, sa dheireadh. Chuir Onofri faoi deara dar le taithí San Mairíne go raibh sé mar an coisint is mó a bhí acu gan fearann chomharsan a shántú[4][5] Sheas Onofri ar an rogha stuama sin leis an argóint: "críochnaíonn cogaí, ach fanann comharsana. Tá sé ráite gur bhfág an rogha sin an Poblacht slán ó dhrochthorthaí i ndiaidh threascartha Napoleon.[6]

 

Sa bhliain 1798, shínigh Onofri conradh le Poblacht Róimhe faoi chúrsaí trádála agus caidreamh cairdiúla. Cúple mí ina dhiaidh sin, rinneadh an méid céanna leis an bPoblacht Ciosalpach.[7] Shroicheadh comhaontú cosúil le Phoblacht na hIodáile, a ghlac áit an dá ceann thuas, i mí Meithimh 1802.

Ar 26 Bealtaine 1805, arís ina Chaptaein Ríoga, d'fhreastail sé ar coróineacht Napoleon Bonaparte mar Rí na hIodáile in [[Milano]], agus fuair sé éisteacht lách leis an Impire reatha.[8][9][10]

 
Pápa Leo XII

I ndiaidh Comhdháil Vín, chabhair Onofri le caidreamh maith a cruthú le Louis XVIII, Charles X and Louis Philippe.[11] Chomh maith le sin, rinne sé idirbheartíocht ar son na tíre, í á chur faoi fhabhar an bPápa Leo XII. Tar éis éisteacht le Onofri, scríobh an Pápa chuig na Captaein Ríoga iad a thabhairt faoina "chairdeas dóibh agus na coinbhinsiúin ársa a athnuachan leo".[12]

Tionchar cuir in eagar

I 2005, reáchtáladh comóradh 180 bliana bháis Onofri agus rinneadh bonn airgid €5 speisialta.[13]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "The Month, Volume 26", Simpkin, Marshall and Company, 1876, p. 293
  2. "Two Quaint Republics, Andorra and San Marino", Virginia W. Johnson, 1913, p. 206-207
  3. [www.sanmarinosite.com/en/history/eighteenth-century/ "La storia di San Marino, il 1800 e Garibaldi"]
  4. "Two Quaint Republics, Andorra and San Marino", Virginia W. Johnson, 1913, p. 206-207
  5. "The Month, Volume 26", Simpkin, Marshall and Company, 1876, p. 292
  6. The Republic of San Marino, William Miller, in "The American Historical Review", Vol. 6, No. 4 (July, 1901), pp. 633 – 649.
  7. The Republic of San Marino, William Miller, in "The American Historical Review", Vol. 6, No. 4 (July, 1901), p. 646.
  8. "San Marino - the history in miniature", Youcanprint, 2017, p. 4
  9. "Two Quaint Republics, Andorra and San Marino", Virginia W. Johnson, 1913, p. 206-207
  10. The Republic of San Marino, William Miller, in "The American Historical Review", Vol. 6, No. 4 (July, 1901), p. 646.
  11. "Two Quaint Republics, Andorra and San Marino", Virginia W. Johnson, 1913, p. 206-207
  12. The Republic of San Marino, William Miller, in "The American Historical Review", Vol. 6, No. 4 (July, 1901), p. 646.
  13. "Silver 5 euro coins - San Marino - coin series - Collector Coin Database"