Clár Apollo

(Athsheolta ó Apollo)

Clár spástaiscéalaíochta a d'eagraigh NASA idir na blianta 1961-1972 ba ea Apollo, le aistir don ghealach le foireann ar bord (1968-1972).

WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisClár Apollo
Apollo program.svg
Apollo CSM lunar orbit.jpg
Cineál miseanclár eitilte spás daonna, clár NASA agus tionscadal
OibritheoirNASA logo.svg   NASA Cuir in eagar ar Wikidata


Shiúil Buzz Aldrin ar an gealach.

6 aistear ar fad a chuaigh i dtír. Tógadh 300 kg d'ithir, croíleacán is carraigeacha ar ais ón ngealach, agus rinneadh turgnaimh ar an ngealach.

Apollo 11 via Saturn V

EagraíochtCuir in Eagar

An fheithicil lainseála Saturn V a úsáideach do chlár Apollo, an roicéad ba chumasaí riamh ag an am sin.

Triúr foirne a bhí ar gach aistear, is iad lonnaithe sa mhodúl stiúrtha a d'fhanadh i bhfithis timpeall na gealaí nuair a scaradh an modúl gealaí leis chun tuirlingthe.

Ansin nuair a d'éiríodh an modúl gealaí ón dromchla, nascadh sé leis an modúl stiúrtha roimh imeacht le chéile ón bhfithis timpeall na gealaí le filleadh ar an domhan.

Tar éis teacht tríd an atmaisféar, thuirlingíodh an modúl gealaí le paraisiút sa bhfarraige, agus thógtaí ar bord loinge é.

StairCuir in Eagar

 
Apollo 11

Roimh an gclár Apollo, d'eagraigh NASA cláracha saothraithe eile: Mercury, Gemini, Ranger, Surveyor is Lunar Orbiter.

1967Cuir in Eagar

Maraíodh triúr spásairí in Apollo 1 le linn tástála.

1968.Cuir in Eagar

Ba é Apollo 8 an chéad aistear le foireann don ghealach.

1969.Cuir in Eagar

Rinne Apollo 11 (le Neil Armstrong is Edwin Aldrin ar bord) an chéad tuirlingt ar an ngealach i 1969.[1]

Ba é Apollo 12 an séú eitilt le foireann sa chlár Apollo agus an dara ceann a bhain talamh na Gealaí amach. Seoladh é ar an 14 Samhain 1969, ceithre mhí i ndiaidh Apollo 11.

 
lorg coise sa ghaineamh, Apollo 11

1972.Cuir in Eagar

Tharla an t-aistear deireanach, Apollo 17, i 1972: chaith an fhoireann 75 uair, agus thaistil 34 km, ar dhromchla na gealaí leis an bhfeithicil ar thugadar ‘fánaí gealaí’ uirthi.

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. cogg.ie. "An fear nár shiúil ar an ngealach!". Dáta rochtana: 2021.