Is Arcturus (α Boo, α Boötis, Alpha Boötis) sa réaltbhuíon Boötes an réalta is gile sa leathsféar thuaidh spéartha. Le mhéid radharcach de −0.05, s’é an ceathrú réalta is gile i spéir na hoíche ag leanúint Sirius de mhéid -1.46, Canopus de mhéid -0.86 agus Alpha Centauri de mhéid -0.27. Tá sé ina réalta i ngar go maith mar níl sé ach ar chianfhad de 36.7 solasbhliain ón Dhomhain agus mar aon le Vega agus Sirius is cheann de na réaltaí is lonraí i gcomharsanacht na Gréine é.

CineálCuir in Eagar

Tá Arcturus ina réalta oráisteach de chineál K0 III le dearbhmhéid de -0.30. Is dócha go bhfuil a hidrigin cáite óna chorplár agus go bhfuil sé anois ina réim loscaidh slige hidrigine. Leanfaidh sé ag méadú roimh dul isteach sa réim craobh cothrománach dá thimthriall beatha.

 

Tá Arcturus i réaltbhuíon Boötes.

 
Íomha radharcach d'Arcturus (DSS2 / MAST / STScI / NASA)

Sonra BreathnaitheCuir in Eagar

Réaltbhuíon Boötes

Fuaimneadh /ɑːrkˈtjʊərəs/

Ceartéirí 14u 15n 39.7s

Díochlaonadh +19° 10′ 56″

Méid fhollasach (breathnaithe) −0.05

TréitheCuir in Eagar

Cineál speictreach K0 III

Méid fhollasach (radharcach) −2.25

U−B innéacs dathach +1.28

B−V innéacs dathach +1.23

R−I innéacs dathach +0.65

Nóta (catagóir: athrógach): H and K astaíocht

RéaltmhéadrachtCuir in Eagar

Luas gathach (Rv) −5.19 km/s

Gluaiseacht ceart (μ) RA: −1093.45 mais/yr

Dec.: −1999.40[5] mais/bhl

Saobhdhiallas (π) 88.83 ± 0.54[1] mais

Cianfhad 36.7 ± 0.2 sbh ,, (11.26 ± 0.07 pc)

Dearbhmhéid (MV) −0.30±0.02


MionphointíCuir in Eagar

Mais 1.08±0.06 M☉

Ga 25.4±0.2 R☉

Lonrachas 170 L☉

Imtharraingt dromchlach (log g) 1.66±0.05 cgs

Teocht 4286±30 K

Cóimheas miotalach [Fe/H] −0.52±0.04 dex

Luas rothlaithe (v sin i) 2.4±1.0 km/s

Aois 7.1+1.5 | −1.2 Gbhl

Ainmchomharthaí eileCuir in Eagar

Alramech, Abramech, α Boötis, 16 Boötes, BD+19°2777, GCTP 3242.00, GJ 541, HD 124897, HIP 69673, HR 5340, LHS 48, SAO 100944.

Tagartaí storshonracha SIMBAD sonra