Arlene Foster

polaiteoir i dTuaisceart Éireann (rugadh 1970)

Is polaiteoir de chuid Thuaisceart Éireann í Arlene Isabel Foster, PC, (née Kelly), a rugadh ar an 3 iúil 1970.

Infotaula de personaArlene Foster

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en-gb) Arlene Isobel Kelly
17 Iúil 1970
53 bliana d'aois
Inis Ceithleann, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de Theach na dTiarnaí
9 Samhain 2022 –
Céad Aire Thuaisceart Éireann
11 Eanáir 2020 – 14 Meitheamh 2021 – Paul Givan →
Ball den 6ú Tionól Thuaisceart Éireann
3 Márta 2017 – 6 Deireadh Fómhair 2021 (éirí as)Deborah Erskine →


Ball den 5ú Tionól Thuaisceart Éireann
7 Bealtaine 2016 – 26 Eanáir 2017 (díscaoileadh na parlaiminte)


Céad Aire Thuaisceart Éireann
11 Eanáir 2016 – 9 Eanáir 2017
← Peter Robinson
Ceannaire an Pháirtí Aontachtach Daonlathach
17 Nollaig 2015 – 28 Bealtaine 2021
← Peter RobinsonEdwin Poots →
An tAire Airgeadais agus Pearsanra
11 Bealtaine 2015 – 12 Eanáir 2016
← Simon HamiltonMervyn Storey →
Ball de 4ú Tionól Thuaisceart Éireann
6 Bealtaine 2011 – 24 Márta 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)


An tAire Fiontar, Trádála agus Infheistíochta
9 Meitheamh 2008 – 11 Bealtaine 2015 – Jonathan Bell (en) Aistrigh →
An tAire Comhshaoil
8 Bealtaine 2007 – 9 Meitheamh 2008
← Dermot Nesbitt (en) AistrighSammy Wilson →
Ball den 3ú Tionól i dTuaisceart Éireann
9 Márta 2007 – 24 Márta 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)


Ball den 2ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
15 Eanáir 2004 – 30 Eanáir 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)

Ball den 2ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
18 Nollaig 2003 – 15 Eanáir 2004

Ball den 2ú Tionól i dTuaisceart Éireann 1973–74
26 Samhain 2003 – 18 Nollaig 2003


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Aontachtach Daonlathach (2004–)
Páirtí Aontachtach Uladh (–2003) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Suíomh gréasáinarlenefoster.org.uk Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: ArleneFosterMLA Twitter: ArleneFosterUK Cuir in eagar ar Wikidata

Gairmréim cuir in eagar

 
2015

Bhí Foster ina Ceannaire ar an bPáirtí Aontachtach Daonlathach ó Nollaig 2015 go dtí 2021. i mí na Nollag 2015, tháinig Arlene Foster i gcomharbacht ar Peter Robinson mar cheannaire. Ba í an tríú ceannaire ar an DUP. Ba ea í an duine is óige riamh í sa phost agus an chéad bhean agus smidiríní déanta den tsíleáil ghloine aici.[1]

 
Arlene Foster agus Theresa May, 2016

Ar an 11 Eanáir 2016, bhí Arlene Foster daingnithe mar Chéad-Aire ar Thionól Thuaisceart Éireann.[2]

D’éirigh thar barr le Foster sa bhliain 2016.[3] Bhí sí buacach i dtoghchán an Tionóil in 2016, comórtas a ritheadh faoin mana ‘Vótáil d’Arlene’. Bhí 38 suíochán as 108 ag an DUP.

Sa bhliain sin freisin ghlac an DUP taobh an Bhreatimeachta sa reifreann faoi bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach.

Conspóidí cuir in eagar

I dtús 2017, thosaigh an chonspóid faoin RHI, an scéim fuinnimh nach raibh srian ar bith ar chaiteachas uirthi. D’éirigh Martin McGuinness, Sinn Féin, as an leas-chéad-aireacht agus thit Stormont. Chaill Foster a post mar Chéad-Aire in Eanáir na bliana 2017, mar gheall ar a héiginnteacht i dtaca leis an gceist.[2]

Sa toghchán Tionóil a lean ar an 2 Márta 2017, chuir Foster a cos ann go tútach. Chaill aontachtaithe a móramh in Stormont den chéad uair, buille síceolaíoch mór ar cuireadh an milleán ar Foster faoi.[3]

Mhair an folús in Stormont trí bliana agus bhí an DUP ní ba laige nuair a d’fhill na páirtithe ar Stormont sa bhliain 2020, agus Foster ceaptha mar Chéad-Aire arís.

Sa bhliain 2021, bhí an eite bhunchreidmheach sa DUP a d’eascair as Eaglais Shaor Phreispitéireach Ian Paisley míshásta le  hiarracht Arlene Foster chun seasamh naimhdeach traidisiúnta an DUP i gcoinne homaighnéasachais a mhaolú. Ba chosúil gurb é sin an cor a thug na buíonta difriúla i measc na n-ionadaithe le chéile chun dúshlán na ceannaireachta a thabhairt.[3] D'éirigh Foster as ceannaireacht an DUP ar 28 Bealtaine 2021 agus as an gcéad-aireacht ag deireadh mhí an Mheithimh.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht RTÉ (2016-01-11). "Arlene Foster daingnithe mar Chéad-Aire an Tuaiscirt" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 Póilín Ní Chiaráin (Nollaig 2017). "Gluaiseacht na Gaeilge ina dúiseacht ach Stormont faoi shuan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-11.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Póilín Ní Chiaráin (Aibreán 2021). "Slán le Arlene – tréimhse chinniúnach romhainn ina diaidh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-11.