Arthur Grey, 14ú Barún Gray de Wilton

uasal Sasanach

Barún de chuid Tiarnas Shasana ab ea an tOnórach Arthur Grey, an 14ú Barún Gray de Wilton, KG (1536–1593), Tá cuimhne mhór anois ar an Tiarna Gray de Wilton as a chuid cuimhní cinn ar a athair, as páirt a ghlacadh i gcosaint deiridh Calais, agus as a rannpháirtíocht sa sléacht tar éis Léigear Smerwick i gCorca Dhuibhne i gContae Chiarraí. D’fhreastail sé mar Fhear Ionaid an Rí ó 1580 go 1582.

Infotaula de personaArthur Grey, 14ú Barún Gray de Wilton

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Arthur de Grey
Beathaisnéis
Breith1536
Bás14 Deireadh Fómhair 1593 (Iúlach)
56/57 bliana d'aois
Fear Ionaid na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalBarún Grey de Wilton Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeaghlach Grey Cuir in eagar ar Wikidata
CéileJane Sibella Morrison
Dorothy la Zouche (1553 (Féilire Ghréagóra)–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteThomas Grey, 15th Barún Grey de Wilton
 ( Jane Sibella Morrison)
Elizabeth Grey
 ( Dorothy la Zouche)
Bridget Egerton
 ( Jane Sibella Morrison) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWilliam Grey  agus Mary Grey, Banbharún Grey de Wilton

Saol cuir in eagar

Ba é Arthur Gray an mac ba shine den13ú Barún Gray de Wilton agus Mary, iníon an Chéad Iarla Worcester. Bhí sé ina Ridire agus taifeadadh é mar Ard-Leifteanant i ar dhá ócáid ar leithligh, i 1569 agus i 1587, cé nár taifeadadh go raibh an teideal sin aige do na blianta go léir idir eatarthu. Is dócha gur chuaigh sé lena athair go Guisnes sa bhliain 1553; is cinnte go raibh sé ann nuair a d'fhógair na Francaigh cogadh i 1557; Is é an cuntas súl a thug sé ar Guisnes faoi chosaint éadóchasach dheireanach a athar, tar éis do Chalais féin titim, an fhoinse is fearr i gcónaí don eachtra. Dála a athar rinneadh giall dó ach fuasclaíodh é bliain ina dhiaidh sin. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair mar an 14ú Barún sa bhliain 1562; bhí an fhortún teaghlaigh laghdaithe go mór ag an airgead fuascailte trom a theastaigh uaidh a íoc i gcomhair a athair a shaoradh. Thug Eilís I Shasana, áfach, an mhaoin a fhorghéill a athair as a pháirt in eachtra an Bhantiarna Jane Gray.

Sa bhliain 1580, d'earcaigh sé fórsa de 6,000 agus cuireadh é mar Fhear Ionaid na hÉireann chun an Dara Éirí Amach Desmond a chloí, in áit an Sir William Pelham a raibh ainm amuigh air as a bheith brúidiúil. Ba é an chéad teagmháil ba mhó a bhí aige ná nuair a bhí sé i gceannas ar arm de thart ar 3,000 i gCath Ghleann Molúra, Contae Chill Mhantáin i mí Lúnasa, áit a ndearnadh Fiach Mac Aodha Ó Broin sléacht orthu, le taismigh de 800. Níos déanaí sa bhliain chéanna, threoraigh sé fórsa 800 go dtí Ard na Caithne i gContae Chiarraí áit ar cuireadh chun báis go hachomaira 600 trúpa Éireannach, Iodáilach agus Spáinneach, ar a dtugtar Sléacht Dhún an Óir. De réir leaganacha áirithe den ócáid seo, gheall an Tiarna Grey de Wilton a saol a thabhairt don gharastún mar mhalairt as a ngéilleadh, rud a bhris sé - mar thoradh air sin bhí an seanfhocal Éireannach 'Grey's faith'.