Athbheochan Ghaeilge Mhanann

Thosaigh gluaiseacht athbheochana na teanga i ndeireadh na naoú haoise déag, nuair a thuig daoine go raibh an Mhanainnis ag imeacht go tiubh téirimeach mar theanga dhúchais, agus obair ar leith ag teastáil leis na hiarsmaí féin a shábháil. Bhí bunú Chonradh na Gaeilge in Éirinn ina réamhshampla tábhachtach ag lucht athbheochana na Manainnise. Bunaíodh Yn Çheshaght Ghailckagh, nó Cumann Gaelach Oileán Mhanann, ar an dara lá fichead de Mhí an Mhárta sa bhliain 1899. Bhí an cumann seo dírithe ar an Manainnis a choinneáil beo mar theanga náisiúnta agus ar litríocht a fhoilsiú agus ar scríbhneoireacht a spreagadh sa teanga.

Chuir lucht athbheochana na Manainnise an-bhéim ar an mbéaloideas, nó b'é sin an t-aon litríocht dhúchasach a bhí acu i dtús báire, diomaite de na foilseacháin spioradálta ón ochtú haois déag. Sna blianta 1913-1919, bhí Yn Çheshaght Ghailckagh ag foilsiú Mannin, iris leathbhliantúil ina bhfoilsítí idir bhéaloideas Manainnise agus altanna faoi shaol traidisiúnta Oileán Mhanann. Tháinig deireadh leis an iris, áfach, nuair a fuair an t-eagarthóir, Sophia Morrison, bás. Bhí sí ina rúnaí ar Yn Çheshaght agus ina bailitheoir mór béaloidis.

An Nasc Gearmánach

cuir in eagar

I ndiaidh bhás Morrison, bhí saol na Manainnise ciúin go leor ar feadh tamaill, go dtí gur tháinig sracadh nua ann le hobair Mona Douglas. Bhí sise ina béaloideasóir tábhachtach cosúil le Morrison, agus luiteamas aici le náisiúnachas na hÉireann. Cuirtear ina leith, fiú, go raibh sí ag brath ar dhul i dtuilleamaí na Gearmáine le saoirse a bhaint amach do Mhanainn. Ar a laghad, dealraíonn sé go raibh lámh aici i mbunú Ny Manninee Dhooie, eagraíocht náisiúnaíoch a bhí báúil leis na Naitsithe, agus de réir an taighde a rinne an scoláire Manannach George Broderick ar stair na gluaiseachta náisiúnaíche i Manainn, bhí níos mó ná báúlacht i gceist.

Faoin am céanna a raibh Mona Douglas ag béaloideasóireacht, bhí baicle de scoláirí Ceilteacha ag obair faoi cheannas Ludwig Mühlhausen do lárionad taighde an SS, agus iad ag cur an-spéis in Oileán Mhanann mar áit ina bhféadfadh an Ghearmáin leas a bhaint as an náisiúnachas áitiúil le dochar a dhéanamh don Ríocht Aontaithe. Bhí saineolaí ar leith ag an Lárionad le ceisteanna Ghaeilge Mhanann agus Oileán Mhanann a phlé, mar a bhí, Gerhard von Tevenar, agus é chomh heolach ar chúrsaí an oileáin is gur léir go raibh cairde nó lucht teagmhála aige i Manainn féin.[1]

Mar sin, is dócha go raibh daoine i ngluaiseacht na Manainnise agus iad fonnmhar chun comhoibriú leis na Gearmánaigh. Má bhí féin, áfach, ní bhfuair siad áiméar riamh leis sin a dhéanamh, agus mar sin, níor cuireadh fealltóireacht agus Faisisteachas i leith chúis na Manainnise, líomhain a bhain go mór de ghluaiseacht athbheochana na Briotáinise i ndiaidh an chogaidh.

Coimisiún Béaloideasa Éireann

cuir in eagar

Fuair an Taoiseach Éamonn de Valera amach, agus é ar cuairt ar Oileán Mhanann, go raibh an Mhanainnis ag fáil bháis. Bheartaigh sé go ndéanfaí iarracht taifead a dhéanamh ar na cainteoirí deireanacha. D’iarr sé ar Choimisiún Béaloideasa Éireann duine a chur anonn chun taifead a dhéanamh de na cainteoirí deireanacha Manainnise. Chuir Stiúrthóir an Choimisiúin, Séamus Ó Duilearga, an bailitheoir Caoimhín Ó Danachair anonn. Ach sular imigh Ó Danachair, bhí ar an gCoimisiún gramafón a cheannach, agus veain a cheannach freisin chun an gramafón a iompar. Bhí gach rud réidh i mí Aibreáin 1948.[2]

Bhí Ó Danachair thall ar Oileán Mhanann ag taifeadadh idir an 22 Aibreán go dtí an 5 Bealtaine 1948. Bhí gníomhaithe teanga leis a bhí in ann na cainteoirí dúchais a chur in aithne dó agus iad a chur ar a gcompord. D’éirigh leis taifead a dhéanamh ar ochtar cainteoirí dúchais Manainnis (cúigear fear agus triúr ban) ar 26 diosca déthaobhach aicéatáit. Bhí Ó Danachair in ann scéalta, comhrá, amhráin, iomainn agus leaganacha den Phaidir a thaifeadadh uathu.

Bheartaigh Iarsmalann Mhanann suirbhé a dhéanamh ar thraidisiúin an oileáin dá bharr. Chuaigh Basil Megaw agus Eric Creegan ar cuairt go hoifigí Choimisiún Béaloideasa Éireann i mBaile Átha Cliath agus chuidigh Ó Duilearga agus Ó Danachair leo Suirbhé Béaloidis Mhanann a chruthú. Bhí Creegan le bheith i bhfeighil ar na lámhscríbhinní agus innéacsú agus mar sin tháinig sé ar ais go dtí oifig Choimisiún Béaloideasa Éireann i mí na Nollag 1948 chun an córas a úsáideann an Coimisiún a fhoghlaim ó Sheán Ó Súilleabháin, an té a chruthaigh an Lámhleabhar Béaloideasa.

Bhí Leslie Quirke ar dhuine de na gníomhairí teanga Manainnise a bhí, le hÓ Danachair, i bhfeighil ar an suirbhé. Chuaigh sé go Dún na nGall chun a fhoghlaim ó Sheán Ó hEochaidh conas saothar allamuigh a dhéanamh. Is léir mar sin gur thug Coimisiún Béaloideasa Éireann gach tacaíocht d’iarsmalann Mhanann chun an teanga a chaomhnú.[2]

In 2003 foilsíodh na taifid in Skeealyn Vannin.[3] Tháinig toscaireacht ó Oileán Mhanann an bhliain chéanna go Cnuasach Bhéaloideas Éireann agus bhronn siad plaic in onóir obair Chaoimhín Uí Dhanachair.[4]

 
Brian Stowell

1950idí-1990idí

cuir in eagar
 
gv.wikipedia.org

Sna blianta iarchogaidh, ba é Douglas Fargher a bhí ina rúnaí ar Yn Çheshaght Ghailckagh agus ina fhear mór gluaiseachta. Sa bhliain 1952, d'eisigh sé achainí ar mhuintir Mhanann an teanga a fhoghlaim agus a shaothrú, agus níos déanaí, i ndiaidh seal a chaitheamh thar lear, bhí sé an-ghníomhach ag réiteach leabhar don chló agus ag athfhoilsiú seanleabhar Manainnise.

Sna seachtóidí a thosaigh na hOícheanta Gaelacha (Oieghyn Gailckagh), is é sin, cruinnithe tráthrialta d'fhoghlaimeoirí Manainnise a chuir ar a gcumas labhairt na teanga a aclú.

Foilsíodh bailiúchán gearrscéalta agus béaloidis ó Oileán Mhanainn, Skeealaght,[5] den chéad uair sa bhliain 1976. Bailíodh na scéalta ó na cainteoirí Manainnise Lewis y Crellin, Juan y Crellin, Colin y Jerree agus Shorus u Creayrie.[6] (Chuir an tOllamh Kevin Scannell Skeealaght ar an idirlíon in 2016, agus aistriúchán Gaeilge le fáil).[7]

Sna 1970iidí agus 1980idí, d'aistrigh Brian Stowell áiseanna teagaisc sa Ghaeilge (Buntús Cainte srl) go Manainnis. D'fhill sé go Doolish in 1992 mar oifigeach teanga. Nuair a tháinig Raidió Mhanann ar an bhfód, bhí an-pháirt aige i bhforbairt an chraolacháin san oileán.

21ú haois

cuir in eagar

Tháinig an Kicklipaid, gv.wikipedia.org, ar an bhfód sna 2000idí.

Chuir an tOllamh Kevin Scannell a fhoclóir Manainnis-Gaeilge, InterGaelic, ar fáil in 2016.[7]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Broderick, George. "Under the "Three-Legged-Swastika"".
  2. 2.0 2.1 Caoimhín Ó Cadhla / An Páipéar (2025-01-10). "An Coimisiún Béaloideasa agus a ról i dtarrtháil na Manainnis" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-01-19.
  3. "Skeealyn Vannin: Manx language and dialect recordings." (en). YouTube. Dáta rochtana: 2025-01-19.
  4. Plaic a deir: ‘Ayns cooinaghtyn jeh Caoimhín Ó Danachair (1913 – 2002) son e obbyr niartul as eh recortyssey loayrtee dooghyssagh jeh’n Ghaelg ayns Mannin sy vlein 1948. Bee pobble Vannin booisal son dy bragh son shoh. ‘I gcuimhne/ ar Chaoimhín Ó Danachair (1913 -2002) as a shaothar mór agus a thaifead ar chainteoirí dúchais Gaeilge ar Oileán Mhanann in 1948. Beidh muintir Mhanann buíoch go deo as seo.
  5. Kevin Scannell. "Skeealaght". cadhan.com. Dáta rochtana: 2025-01-19.
  6. Maitiú Ó Coimín (27 Iúil 2016). "Béaloideas na Manainnise ar fáil anois i nGaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-19.
  7. 7.0 7.1 Maitiú Ó Coimín (27 Iúil 2016). "Béaloideas na Manainnise ar fáil anois i nGaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-19.