Athchur na Seacaibíteach

Athchur an rí Séarlas II i gcoróin, sa bhliain 1660.
(Athsheolta ó Athchur na Stiúrtach)

 

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAthchur na Seacaibíteach
Íomhá
Cineáltréimhse stairiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse1660 - 
Imeacht an Rí Séarlas II as Scheveningen, 2 Meitheamh 1660. Pictiúir le Hendrick de Meijer

Tharla Athchur na Seacaibíteach (nó an tAthchur) i ríochtaí Shasana, na hAlban agus na hÉireann sa bhliain 1660 nuair a d’fhill an Rí Séarlas II ó dheoraíocht san Eoraip. Tugadh an Idir-ríocht (1649–1660) ar an tréimhse roimhe sin den Chosantóireacht agus de na cogaí sibhialta.

Úsáidtear an téarma an tAthchur (agus an Reistiréisean) freisin, chun cur síos a dhéanamh ar an tréimhse de roinnt blianta ina dhiaidh sin, inar bunaíodh socrú polaitiúil nua. Is minic a úsáidtear é chun réimeas iomlán Rí Séarlas II (1660–1685) a chlúdach agus go minic réimeas gairid a dheartháir níos óige, an Rí Séamas II (1685–1688). I gcomhthéacsanna áirithe d'fhéadfadh sé a úsáid do thréimhse iomlán na Seacaibíteach ina dhiaidh sin a chlúdach chomh fada agus bás na banríona Áine agus le teacht i gcoróin an Rí Seoirse I (de chuid na) Hanófarach sa bhliain 1714.