Béal na Blá

ionad daonra i gContae Chorcaí

Is sráidbhaile in Iarthar Chorcaí é Béal na Blá[1][2] (Béarla: Bealnabla).

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBéal na Blá

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51°49′18″N 8°51′21″W / 51.8218°N 8.8557°W / 51.8218; -8.8557
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1167096

Stair cuir in eagar

Is i nGleann na Ruaige (Glannarouge East),[3] 1.5km ó Bhéal na Blá, a maraíodh Mícheál Ó Coileáin i luíochán sa bhliain 1922.[4] Thiomáin a thionlacan isteach i ngaiste a chuir na frith-Conraitheoirí áitiúla roimh. D'ordaigh an Coileánach do lucht a thionlactha stad agus an lámhach a fhreagairt, in áit tiomáint ar aghaidh agus é féin a choinneáil go sábháilte istigh ina charr armúrtha, mar ab fhearr leis an bhfear a bhí mar leathbhádóir aige, Emmet Daltún.[5]

Dealraíonn sé gur piléar strae a bhuail an Coileánach. B'eisean an t-aon duine amháin a fuair bás sa teagmháil.

Ainm cuir in eagar

Tagann blá as 'bleán'.

Tá leaganacha truaillithe ann, mar shampla Béal na mBláth, Béal na Bláth nó fiú Béal Átha na Bláiche, galldaithe BealnablaBealnablath.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Béal na Blá/Bealnablath | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Béal na Blá/Bealnablath" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-08-21.
  3. "Gleann na Ruaige Thoir/Glannarouge East" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-08-21.
  4. Marian O'Flaherty (2022-08-20). "What's in a name: Béal na Blá or Béal na Bláth?" (as en). 
  5. "Ó COILEÁIN, Mícheál (1890–1922)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-08-21.