Osclóidh seo an príomhroghchlár

Is é an an Banc Ceannais Eorpach (BCE) a bhainistíonn an euro agus a cheapann agus a chuireann i bhfeidhm beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta an Aontais Eorpach[1].

Seat of the European Central Bank and Frankfurt Skyline at dawn 20150422 1.jpg

Clár ábhair

CuspóirCuir in Eagar

Is é an phríomhaidhm atá ag an BCE ná na praghsanna a choimeád cobhsaí. Déanann an BCE monatóireacht ar threochtaí praghsanna agus measúnú ar rioscaí do chobhsaíocht praghsanna sna tíortha atá páirteach i limistéar an euro.

Ar an gcaoi sin, tá an BCE ag tacú le fás eacnamaíoch agus cruthú post.

 
Bancnótaí euro

FeidhmeannaCuir in Eagar

  • Socraíonn an BCE na rátaí úis ag a dtabharfaidh sé iasachtaí do bhainc thráchtála sa limistéar euro.  Rialaíonn sé chomh maith an soláthar airgid agus boilsciú ar an gcaoi sin
  • Bainistíonn an BCE cúlchistí airgeadra eachtraigh an limistéir euro agus ceannach nó díol airgeadraí chun rátaí malairte a chothromú
  • Cinntíonn sé go ndéanann na húdaráis náisiúnta maoirseacht mhaith ar mhargaí agus institiúidí airgeadais, agus go bhfeidhmíonn córais íocaíochta go maith. Cinntíonn an BCE freisin sábháilteacht agus stuamacht an chórais baincéireachta Eorpaigh
  • Údaraíonn an BCE do na tíortha sa limistéar euro, agus maraon leis na bainc cheannais náisiúnta i limistéar an euro, nótaí bainc euro a tháirgeadh
 
Soláthar airgid, 1998-2007
 
Boinn euro

StairCuir in Eagar

Bunaíodh an BCE ar an 1 Meitheamh 1998. Bhí an banc lonnaithe ó thús in Frankfurt am Main.

TagairtíCuir in Eagar

[1]

An Banc Ceannais Eorpach, Córas an Euro, An Córas Eorpach Bainc Cheannais, BCE, Aibreán 2009

  1. https://europa.eu/european-union/about-eu/institutions-bodies/european-central-bank_ga