Tumadóir domhainmhara, nó cineál fomhuireáin, is ea batascaife[1] (nó bathyscaphe ón nGréigis βαθύς bathys "domhan" agus σκάφος skaphos "soitheach"), deartha chun taiscéaladh a dhéanamh faoin uisce.[2] Leictreachas a sholáthraíonn cumhacht don soitheach.[3] Bíonn snámháin is cochall breathnadóireachta faoina mbun.

Bosca Sonraí SoitheachBatascaife
Saintréithe teicniúla
Cineáltumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Batascaife
Batascaife
Deepsea  Challenger

Ní bhíonn na batascaifí in úsáid níos mó (snámháin níos fearr ag na tumadóirí an lae inniu, líonta le cúr, ní ola).

Batascaife Trieste

Taiscéalaíocht sa 20ú haois cuir in eagar

Bhí an chéad bhatascaife deartha ag Auguste Piccard sna 1940idí. Thosaigh an soitheach, "FNRS2" ag tumadóireacht sa bhliain 1948 san Aigéan Atlantach. Bhí na taiscéalaithe in ann dul síos chomh domhain le 4,000 m ag an am.

'Sé an áit is doimhne san fharraige ná An Trinse Máirianach, 10.9 km faoin dromchla san Aigéan Ciúin.[4] An 'Duibheagán Challenger' (nó 'Challenger Deep'[5]) a thugtar ar an gcuid is doimhne den Trinse Máirianach. Ba i mí Eanáir 1960 a chuaigh an chéad bheirt ann, Don Walsh agus Jacques Piccard (mac le Auguste Piccard).[4] Chuadar síos ann sa Trieste, an tríú batascaife, tógtha sna 1950idí.

Tumadóirí domhainmhara an lae inniu cuir in eagar

Inniu tá na tumadóirí, cosúil leis an 'Alvin DSV'[6] a rinne taiscéaladh ar an Titanic báite, cuid mhaith níos so-ionramháilte ná na cinn bhunaidh, na batascaifí.

Tá dháréag tar éis cuairt a thabhairt ar an ngealach ach níl ach triúr tar éis cuairt a thabhairt ar An Trinse Máirianach.[4] Ar an 26 Márta 2012, ba é James Cameron an tríú duine a chuaigh síos ann. Is stiúrthóir scannán agus taiscéalaí cáiliúil aigéan é.

Ina aonar a rinne Cameron an tumadh agus é san fhomhuireán Deepsea Challenger. Sheol sé ar ais an tvuít seo nuair a bhain sé tóin na farraige amach:

‘Just arrived at the ocean’s deepest pt. Hitting bottom never felt so good. Can’t wait to share what I’m seeing w/you.’[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""batascaife"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2021-08-05.
  2. "bathyscaphe | Definition, History, & Facts" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2021-08-05.
  3. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 An Gúm (Eagrán 9, Fómhar 2014). "Líon an Dúlra". Dáta rochtana: 2021.
  5. "Challenger Deep" (as en) (2021-07-21). Wikipedia. 
  6. "DSV Alvin" (as en) (2021-07-07). Wikipedia.