Beannchar, Contae an Dúin
Tá Beannchar (Bangor as Béarla) suite ar theacht isteach Loch Lao agus tá bá mór foscúil in aice leis. Is baile mór í i gContae an Dúin i dTuaisceart Éireann. Tá 58,388 duine ina gcónaí i mBeannchar de réir daonáirimh 2001.
![]() | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() ![]() | |||||||||||
| |||||||||||
Suíomh | |||||||||||
| |||||||||||
| |||||||||||
Príomhchathair de | |||||||||||
Daonra | |||||||||||
Iomlán |
61,011 (2011) ![]() | ||||||||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||||||||
Glaochód |
028 ![]() | ||||||||||
Eile | |||||||||||
| |||||||||||
Láithreán gréasáin |
northdown.gov.uk ![]() |

StairCuir in Eagar
Sna meánaoiseanna, bhí an méid sin clú ar Bheannchar in oirthuaisceart na hÉireann gur luadh é ar léarscáil an domhain. Ar an Mappa Mundi atá le feiceáil i dTeampall Hereford i Sasana, tá íomhá na hÉireann ar imeall an domhain, agus níl ach ceithre lonnaíocht ainmnithe; Beannchar (ar tugadh “Civitas bencur” air), Baile Átha Cliath, Ard Mhacha agus Cill Dara. Bhí meas mór ar Bheannchar ag an am mar gheall ar a mhainistir, a bhunaigh Naomh Comgall sa bhliain 558 AD.
Mhair sár-ré mhainistir Bheannchair go dtí an 9ú haois, nuair a thosaigh na Lochlannaigh á hionsaí.