Is amhrán traidisiúnta Éireannach é Beidh Aonach Amárach. Ní léir cé a chum an t-amhrán Gaeilge seo.

Infotaula de cançóBeidh Aonach Amárach
Cineálsaothar ceoil
Teangaan Ghaeilge

Scéal an Amhráin cuir in eagar

Scéal faoi chailín óg nach bhfuil ach 10 mbliana d'aois aici ach atá ag fiafraí dá máthair dul chun an aonaigh atá ar siúl i gContae an Chláir. Deir máthair an chailín nach féidir léi dul ann mar gheall ar chomh hóg is atá sí, ach go mbeidh sí ábalta dul ann nuair a bheidh sí trí bliana déag d'aois. Ansin, deir an cailín go bhfuil sí i ngrá leis an ngréasaí bróg is go mb'fhearr léi é ná oifigeach airm. Téann a máthair ar aghaidh is ní ligfeadh an cailín dul chun an aonaigh. [1]

An t-amhrán cuir in eagar

[1]
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir
Cé mhaith dom é, ní bheidh mé ann?

[Curfá]
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé?
A mhuirnín ó ná héiligh é.

[2]
Níl tú a deich nó a haon déag fós
Níl tú a deich nó a haon déag fós
Níl tú a deich nó a haon déag fós
Nuair a bheidh tú trí déag beidh tú mór.

Curfá

[3] B'fhearr liom féin mo ghréasaí bróg
B'fhearr liom féin mo ghréasaí bróg
B'fhearr liom féin mo ghréasaí bróg
Ná oifigeach airm faoi lásaí óir.

Curfá

  1. "Beidh Aonach Amáireach" (en).