Beith
Beith | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() An Bheith Gheal, Betula pendula
| |||||||||||
Aicmiú eolaíoch | |||||||||||
| |||||||||||
| |||||||||||
|
Is crann í an Bheith (Sean-Ghaeilge: bethe, i mBreatnais: bedw, i mBriotáinis: bezuenn, i gCeiltis: betvâ, i Laidin: betula, i bhFraincis: boule) sa teaghlach Betulacaeae sa ghéineas Betula. Ní fhásann siad ró-mhór, ach bíonn siad níos mó ná sceacha. Tá siad gaolta leis an teaghlach Fagaceae, ina bhfuil na daracha agus na fáibhilí.
Cuirtear an t-ainm “Beith” ar an dara litir den tsean-aibítir Ghaeilge.