Bardas is ea Benalmádena i gcúige Málaga, san Andalúis. Tá sé suite ar 'Costa del Sol', idir Torremolinos and Fuengirola, thart ar 12 cm siar ó dheas de phríomhchathair an chúige. Tá sé mar chuid den 'Área metropolitana de Málaga', (limistéar cathrach Mhalaga) agus suite i gContae nó Comarca (réigiún riaracháin logánta) Costa del Sol Occidental, comhlathas na mbardas leis an ainm céanna, agus i gceantar breithiúnach de Torremolinos. (El partido judicial de Torremolinos).

Infotaula de geografia políticaBenalmádena
Bandera de Benalmádena.svg Escudo de Benalmádena (2000).svg
Benalmádena pueblo.jpg
Edit the value on Wikidata

Suíomh
Benalmádena.svg Edit the value on Wikidata
 36°35′49″N 4°33′13″W / 36.5969°N 4.5535°W / 36.5969; -4.5535
Stát ceannasachAn Spáinn
Comhphobail fhéinrialaitheacha na SpáinneAn Andalúis
Cúigí na SpáinneMálaga
Comarca of SpainCosta del Sol Occidental (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata

Príomhchathair Benalmádena Edit the value on Wikidata
Daonra
Iomlán 69,144 (2020) Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid de Q5991197 Aistrigh Edit the value on Wikidata
Achar dromchla 27.2 km² Edit the value on Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisce An Mheánmhuir Edit the value on Wikidata
Airde 280 m Edit the value on Wikidata
Ar theorainn le
Eagraíocht pholaitiúil
• Mayor of Benalmádena (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata Paloma García Gálvez Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist 29630, 29631 agus 29639 Edit the value on Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód 95 Edit the value on Wikidata
Eile

Láithreán gréasáin benalmadena.es Edit the value on Wikidata

Tá thart ar 68,800 daoine ina gcónaí in Benalmádena, 's é sin an 8ú bardas is mó sa chúige ach an tríú mórcheantar uirbeach, taobh thiar de Málaga agus Torremolinos. Tá an daonra bailithe don chuid is mó i dtrí lárionaid éagsúla: Benalmádena Pueblo, Arroyo de la Miel agus Benalmádena Costa, cé go bhfuil an uirbiú ag cur na croí-láir seo le chéile.

Bhí daoine ina gcónaí san áit seo sa réamhstair, ach i rith tréimhse Al Andalus tháinig forbairt ar an áit agus ansin meath arís i ndiaidh na bliana 1485. Chuir tionscal páipéir agus fíona go mór le geilleagar na háite sna 18ú agus 19ú haoiseanna. Sa lá atá inniu ann tá tarraingt turasóireachta mhaith ag Benalmádena ar an gCosta del Sol, le go leor áiseanna agus páirc shiamsaíochta, 2 uisceadán, casino, agus ceann de na muiríní is mó san Andalúis. Tá go leoir tránna áille ann comh maith le háiteanna suimiúla mar Chaisleáin Colomares, Carr Cábla Benalmádena, agus an Stupa Budaíoch is mó san Eoraip ag 33 méadar ar airde.

Clúdaíonn an bardas achar 27 ciliméadar cearnógach ó bheanna Sierra de Mijas go dtí an fharraige, ag titim in áiteanna i bhfoirm aille. Téann an autopista A-7 soir siar trasna ar an gcríoch, a dhéanann cumarsáid leis an bpríomhchathair chúige agus lárionaid eile ar chósta na Meánmhara.

Coinníonn Benalmádena Pueblo an fhabraic uirbeach de na sráidbhailte logánta.

TagairtíCuir in Eagar