Bernard Katz
bithfhisiceoir Briotanach a rugadh sa Ghearmáin
Bithfhisicí a rugadh i Leipzig na Gearmáine ab ea Bernard Katz (26 Márta 1911 – 20 Aibreán 2003). D'oibrigh sé sa Bhreatain an chuid is mó dá shaolré.
Bernard Katz | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Leipzig, 26 Márta 1911 |
Náisiúntacht | An Ghearmáin An Ríocht Aontaithe Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann |
Bás | Londain, 20 Aibreán 2003 |
Muintir | |
Páistí | liosta iomláin |
Oideachas | |
Alma mater | University College London Ollscoil Leipzig |
Leibhéal oideachais | Dochtúir Eolaíochtaí |
Stiúrthóir tráchtais | Archibald Hill Martin Gildemeister (en) ![]() |
Teangacha | An Ghearmáinis an Béarla |
Múinteoirí | Archibald Hill |
Gairm | |
Gairm | dochtúir leighis, eolaí néarchórais, múinteoir ollscoile, fisiceoir, ceimiceoir, bithcheimiceoir agus bithfhisiceoir |
Fostóirí | University College London |
Duaiseanna | Comhalta den Chumann Ríoga Duais Nobel i bhFiseolaíocht nó Leigheas (1970) Copley Medal (1967) ![]() Cothenius Medal (1989) Feldberg Foundation (1965) ![]() Croonian Lecture (1961) Ralph W. Gerard Prize (1990) Baly Medal (1967) |
Ballraíocht | An Cumann Ríoga Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá Acadamh Náisiúnta na nEolaíochtaí |
Rinne sé taighde bunúsach ar sheoladh comharthaí leictreacha ar feadh néaróg, agus saghas is feidhmiú na néaratharchuradóirí ag teirminéil néaróg.
Scríobh sé dhá leabhar cháiliúla, Electrical Excitation of Nerve (Spreagadh Leictreach Néaróg, 1939) agus The Release of Neural Transmitter Substances (Fuascailt Néaratharchuradóirí, 1969). Le Ulf von Euler is Julius Axelrod, bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1970 as a thaighde.
TagairtíCuir in Eagar
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |