Bianca Maria Sforza

banríon na Rómhánach

Banríon na Rómhánach agus Impire Rómhánach Naofa ba ea Bianca Maria Sforza (5 Aibreán 1472 – 31 Nollaig 1510) mar thríú céile Mhaximilian I, Impire Naofa Rómhánach. Ba í an iníon dlisteanach ba shine í le Galeazzo Maria Sforza, Diúc Milano, ag a dhara bean, Bona de Savoy.

Infotaula de personaBianca Maria Sforza

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Aibreán 1472
Milano Cuir in eagar ar Wikidata
BásEanáir 1511
38 bliana d'aois
Innsbruck Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaStift Stams Austrian Grave (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcéile an impire Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalBandiúc
Banphrionsa Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeaghlach Sforza Cuir in eagar ar Wikidata
CéilePhilibert I, Diúc Shaváí (1476 (Féilire Ghréagóra)–1482 (Féilire Ghréagóra))
Maximilian I (1494, 1494 (Féilire Ghréagóra)–1510) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíJohn Corvinus (1487–1493) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGaleazzo Maria Sforza  agus Bona Shaváí
SiblínGian Galeazzo Sforza, Caterina Sforza agus Anna Sforza
Duine muintearthaLudovico Sforza (uncail) Cuir in eagar ar Wikidata


Find a Grave: 27365013 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Rugadh Bianca i Pavia mar an iníon ba shine le Galeazzo Maria Sforza, Diúc Milano, ag a dara bhean, Bona de Savoy. Ba iad seantuismitheoirí Bianca ná Francesco I Sforza agus Bianca Maria Visconti, ar ainmníodh í.[1]

Nuair nach raibh Bianca cúig bliana d’aois fós, feallmharaíodh a hathair taobh istigh d’Eaglais Santo Stefano i Milano an 26 Nollaig 1476, a bhí mar Lá Fhéile Stiabhna. Sádh chun báis é ag triúr oifigeach ard-rangú de chúirt Mhilano.[1]

An chéad phósadh cuir in eagar

Ar 6 Eanáir 1474 [2] phós Bianca, a bhí 21 mí d'aois, a céad chol ceathrar Philibert I, Diúc na Saváí, mac a huncail Amadeus IX as Saváí, agus Yolande na Fraince.[3] Fuair an Diúc Philibert I bás in earrach na bliana 1482, agus d’fhág sé Bianca ina bhaintreach ag aois a deich. D’fhill sí ar ais go Milano, faoi theagasc a huncail Ludovico Il Moro, nach raibh mórán suime aige faoina cuid oideachais agus a lig sé di a leasanna féin a shaothrú, obair shnáthaide den chuid is mó.

Cleamhnais cuir in eagar

Trí bliana ina dhiaidh sin, an 31 Iúil 1485, fógraíodh go foirmiúil an caidreamh idir Bianca agus Janus Corvinus, an t-aon mhac (cé goraibh sé neamhdhlisteanach) don Rí Matthias na hUngáire. Leis an bpósadh seo, bhí rialtóir na hUngáire ag iarraidh oidhreacht a mhic san Ungáir agus sa Bhoihéime a dhaingniú sa todhchaí agus Diúc na hOstaire a dhéanamh de. Síníodh an pósadh trí sheachvótálaí an 25 Samhain 1487, agus de réir théarmaí an chonartha, fuair Bianca roinnt contaetha san Ungáir. Toisc go raibh an Bhanríona Beatrix, bean chéile Matthias. ina aghaidh agus go raibh uisce faoi thalamh i gceist, áfach, níor tharla an pósadh foirmiúil riamh. I Márta 1492 breithníodh pósadh idir Bianca agus Rí Séamas IV na hAlban, ach éiríodh as an smaoineamh go luath.[1]

 
Bianca Maria Sforza, le Bernhard Strigel, ca. 1505/1510.

Banríon agus Banimpire cuir in eagar

Ar 16 Márta 1494 i Hall, Tyrol, phós sí an dara huair, le Rí Impireacht Naofa na Róimhe, Maximilian I, a bhí ina bhaintreach fir ó bhás a chéad bhean Maria na Burgúine, a bhí gonta go marfach ar 27 Márta 1482 tar éis titim óna capall. Shocraigh a huncail dara pósadh Bhianca, a bhí ag iarraidh aitheantais agus an teideal Diúc daingnithe ag an Impire ; mar mhalairt ar sin, fuair an tImpire spré mór in éineacht le Bianca. Tarraingíodh aird mhór ar a lucht leanúna ar a bealach chuig a bainise.

Ag a bainise, chaith Bianca cabhail "le hochtó píosa d'ealaín an tseodóra pinnáilte air, agus rúibín amháin agus ceithre phéarlaí i ngach píosa".[4] Thug sí spré saibhir de 400,000 diúcat dá fear céile freisin,[5] agus trína phósadh, bhí Maximilian in ann a cheart ar fhorlámhas Impiriúil Mhilano a dhearbhú. Chuir sé seo fearg ar Áine na Fraince, (Fraincis: Anne de France) leasrí na Fraince do a deartháir Rí Séarlas VIII, agus ba é ba chúis le idirghabháil na Fraince san Iodáil, rud a chuir tús le Cogaí fada na hIodáile. thug sí idirghabháil na Fraince san Iodáil, rud a chuir tús le Cogaí fada na hIodáile.

Bhí an t-aontas míshona: go gairid tar éis an pósadh a chur i gcríoch, rinne Maximilian gearán go mb’fhéidir go raibh Bianca níos áille ná a chéad bhean ach nach raibh sí chomh críonna. Bhí sé dodhéanta don bhrídeach óg gean a fir chéile a bhuachan, a mheas go raibh sí gan oideachas, cainteach, saonta, caifeach le hairgead, agus míchúramach. Theastaigh uaidh leanaí a bheith léi, ach theip ar a n-iarrachtaí go léir: in ainneoin roinnt toircheas Bhianca, níor tháirg aon leanbh beo astu. Thaitin a beirt pháistí dlisteanacha a bhí beo go fóill go mór léi. (Philippe I de Habsbourg, a phós Juana I de Castilla, agus an tArd-Bhandiúc Margarete na hOstaire, (Gearmáinis: Margarete von Österreich) a phós Juan de Aragón, Prionsa Asturias, agus Philiberto II ina dhiaidh sin, Diúc Savoy), ach cáineadh í as dearmad a dhéanamh ar a dínit nuair a shuigh sí ar an urlár in éineacht leo ag imirt.[6]

Tar éis 1500, chaill Maximilian gach spéis a bhí aige i mBianca. Bhí cónaí uirthi lena cúirt féin de mhuintir Mhilano i gcaisleáin éagsúla san Tioróil. Ar roinnt uaireanta, d’fhág sé í mar urrús nuair nach raibh sé in ann íoc as a sheomraí ar thurais.

Ghlac Maximilian an teideal Impire Rómhánach Naofa Tofa sa bhliain 1508. Bhí Bianca, trí phósadh, ina hImpire ar Impireacht Naofa na Róimhe.

Fuair ​​Bianca Maria Sforza bás in Innsbruck an 31 Nollaig 1510. Adhlacadh í ag Stams. Níor fhreastail a fear céile ar a sochraid ná fiú leac uaighe a thiomnú di.[7]

Tá portráid iomráiteach de Bhianca Maria Sforza le Ambrogio de Predis crochta i nGailearaí Náisiúnta Ealaíne na Stát Aontaithe i Washington, D.C.

 
Bianca Maria Sforza le Ambrogio de Predis ca. 1493/1495

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (Italian).
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". manfred-hiebl.de/genealogie-mittelalter.
  3. Charles Cawley, Medieval Lands, Dukes of Milan
  4. George R. Marek, The Bed and the Throne: The Life of Isabella D'Este, p. 42, Harper & Row, 1976, ISBN 978-0-06-012810-4
  5. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named Marek2
  6. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named Treccani2
  7. Hermann Wiesflecker: Maximilian I, 1991, p. 81.