Stachys

géineas plandaí
(Athsheolta ó Braichlis chréachta)

Stachys ar cheann de na géinis is mó san fhine úd Lamiaceae, grúpa mór plandaí blátha. Meastar idir 300 agus 450 speiceas a bheith sa ghéineas Stachys. Tá taighde le déanamh fós ar na naisc ghéiniteacha eatarthu.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoStachys Cuir in eagar ar Wikidata

Stachys monieri Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcnó Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdLamiales
FineLamiaceae
FofhineLamioideae
GéineasStachys Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Ainmníocht
Géineasbaininscneach Cuir in eagar ar Wikidata

Planda bliantúil nó ilbhliantúil a fhaightear ar fud an Domhain. An gas cearnach díreach; na duilleoga i bpéirí urchomhaireacha; na bláthanna déliopach, de ghnáth bán, bándearg nó corcra le spotaí dorcha. Seanúsáid luibheolaíochta in ungadh le cur ar chréacht. D'úsáidtí duilleoga giobacha ó ghnéithe ar leith mar líonolann. Tálann gnéithe eile tiúbar inite.

Stachys sylvatica nó créachtlus, speiceas sa ghéineas Stachys

Áirítear Stachys sylvatica nó an créachtlus, mar eiseamláir tipiciúil an ghéinis. Speiceas eile sa ghéineas ná an lus beatha (Stachys officinalis), leigheas comónta sa Mheánaois san Eoraip.[1]


Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Braichlis chréachta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 87.