Téarma coitianta ar fheithidí bithlonracha éagsúla is ea breochruimh (Béarla: glow-worm), an bhreochruimh choitianta (Lampyris noctiluca) agus baill eile den fhine Lampyridae san áireamh,[1] ach úsáidtear an téarma freisin ar speicis sna finte Elateridae, Phengodidae, agus Rhagophthalmidae i measc na gciaróg; agus ar speicis sna géinis Arachnocampa, Keroplatus, agus Orfelia i measc na gcuileanna fungais.

Tagairtí cuir in eagar

  1. “breochruimh” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-01-23.