Briotanaigh Cheilteacha

daoine Ceilteacha a bhí ina gcónaí sa Bhreatain Mhór ón Iarannaois ar aghaidh.

Ba iad na Briotanaigh ná daoine Ceilteacha a bhí ina gcónaí in oileán na Breataine ar an taobh ó dheas de Gharbhchríocha na hAlban roimh an ionradh Rómhánach. Ní "náisiún" a bhí iontu ach bailiúchán de ríochtaí neamhspleácha móra agus beaga bunaithe ar phatrúin treibhe. Tá dearmad déanta ag go leor scríbhneoirí faoi na Briotanaigh - úsáideann siad téarmaí cosúil le "Ceiltigh" nó "Briotanaigh Rómhánacha" den chuid is mó.

WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaBriotanaigh Cheilteacha

Cineálgrúpa eitneach stairiúil

Faoin am a d'fhág na Rómhánaigh sa bhliain 410 AD bhí tionchar ag an Laidin, teanga na Rómhánach, ar an Bhriotainic agus bhí a struchtúr ag athrú. Bhí an teanga ag forbairt agus bhí an-spreagadh ann ábhair éagsúla a thaifeadadh - scríbhinní faoi stair agus meath ceaptha an náisiúin ag an manach Gildas, amhránaíocht Thaliesin agus Aneirin á thabhairt ó bhéal, agus taifid agus sleachta i lámhscríbhinní eaglaise agus ar chlocha..sé sin na rudaí a chuir tús le litríocht na Breatnaise.


I luath-litríocht na Breataine Bige, úsáidtear na hainmneacha "Cymry" agus "Brython" taobh le taobh.

Bhí na Briotanaigh an-eolach ar an gcaidreamh a bhí acu leis na Briotanaigh san Bhriotáin (Laidin: Britannia Minor) (mar is léir ón ainm Briotáinis) agus leis an gCoirnis i gCorn na Breataine, mar aon lena gcomh-Bhriotánaigh sa Sean-Tuaisceart (Yr Hen Ogledd). Chuaigh roinnt de na Briotanaigh thar farraige go dtí an Bhriotáin, de réir fhinscéalta Macsen Wledig agus foinsí eile, tar éis ionradh na Sacsanach - agus is é seo an áit ar shocraigh go leor de na luath-naoimh Briotanacha.

Leabharliosta cuir in eagar

  • Geraint Bowen (eag. ), The Celtic Civilization (Caerdydd, 1987). Féach go háirithe caibidil 4, "Roman Britain" le D. Ellis Evans agus caibidil 9, "The Migration to Britain" le Léon Fleuriot.
  • Wendy Davies, An Bhreatain Bheag sa Mheán-Aois Luath (Leicester, 1982)
  • John Morris, The Age of Arthur (Londain, 1973)
  • Christopher Snyder, The Britons (Blackwell, 2003)

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar