Oibreáin, cosúil le haidréanailéin, isipréanailín is salbútamól, is ea broincileathóir, a leathann na broncais sna scamhóga agus a fhéadfaidh cabhrú le cóireáil duine le plúchadh.[1]

Broincileathóirí

Níl na broincileathóirí uile sábháilte a ndóthain le húsáid i gcoinne an phlúchta, áfach. Baintear feidhm chliniciúil as salbútamól i bhfoirm aerasóil, agus as sailmeitearól is afoirmeitearól.

Mar sin féin. tá conspóid ann maidir lena n-úsáid gan stéaróidigh. Tá fianaise ann go laghdaíonn siad na siomptóim ach nach gcuireann stop leis an ngalar bunúsach, agus imní go mb'fhéidir go bhfuil na hoibreáin seo freagrach as méadú i ngalracht plúchta i dtíortha an iarthair.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. An Gael Glas (9ú Feabhra 2023). "‘Is ionann analóir amháin agus 350km i Toyota Corolla ó thaobh na haeráide de’" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2023-02-22.
  2. Hussey, Matt (2011). "Broincileathóirí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 92.