Buamáil Bishopsgate (1993)

Ar 24 Aibreán 1993, phléasc buama de chuid an IRA i dtrucail dumpála i gCathair Londan, díreach taobh amuigh 99 Bishopsgate, Londain.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBuamáil Bishopsgate
Íomhá
Map
 51°31′N 0°05′W / 51.52°N 0.08°W / 51.52; -0.08
Cineálcarrbhuamáil Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deNa Trioblóidí Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana24 Aibreán 1993 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBishopsgate, England Cuir in eagar ar Wikidata, Cathair Londan, England Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
SpriocCathair Londan Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna1 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe44 Cuir in eagar ar Wikidata


Séipéal Naomh Ethelburga scriosta

Dé Sathairn a bhí ann agus ní raibh mórán daoine sa cheantar, agus tugadh rabhadh chomh maith. D'ainneoin sin maraíodh fear mí-ámharach, grianghrafadóir de chuid News of the World, Ed Henty, agus gortaíodh 44 eile.

Scriosadh an túr NatWest, Séipéal Naomh Ethelburga agus go leor eile. Rinne luach £350 milliún de dhamáiste, damáistí suntasacha agus an t-onsaí sceimhlitheoireachta is costasaí riamh i Sasana.

Cúiseamh cuir in eagar

I measc daoine eile, bhí James Cyril ‘Dublin Jimmy’ McGuinness freagrach as an ionsaí, Ach níor cúisíodh riamh é (fuair sé bás sa bhliain 2019).

Chuir McGuinness tús lena shaol mar choirpeach sna 1980idí. Agus é i bpríosún i Sasana, chuir McGuinness aithne ar bhaill den IRA. Dúirt sé go gcuideodh sé le feachtas s’acu. Mí Aibreáin 1993, b'eisean a thiomáin an leoraí a raibh buama ann isteach go Bishopsgate (agus timpeall in aois 28 nó 29 dó ag an am).[2] Scríobh David Shayler, iarchomhalta de chuid MI5: “Two months after the Bishopsgate attack, police issued a photofit. It was clearly McGuinness. By that time he had gone on the run to the Irish Republic. There was no chance of extraditing him.”[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "BBC1 | BBC Evening News - Bishopsgate IRA bomb | 24th April 1993" (as en) . 
  2. 2.0 2.1 Anton Mac Cába (13 Samhain 2019). "Sean-aithne ar Cyril ‘Dublin Jimmy’ McGuinness i gceantar na teorann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-24.