Buamáil Manchester Arena (2017)

Ar an 22 Bealtaine 2017, phléasc buama i bhforhalla an Arena i Manchain, Sasana.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBuamáil Manchester Arena
Íomhá
Map
 53°29′17″N 2°14′35″W / 53.4881°N 2.243°W / 53.4881; -2.243
Cineálbuamáil féinmharaithe
dúnmharú líonmhar Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid desceimhlitheoireacht sa Ríocht Aontaithe agus sceimhlitheoireacht Ioslamach sa Eoraip Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana22 Bealtaine 2017 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhManchester Arena, England (en) Aistrigh
Manchain, England
Sasana, Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata, Manchain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Sprioclucht éisteachta Cuir in eagar ar Wikidata
Cúisantoisceachas Ioslamach Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisreactions to the 2017 Manchester Arena bombing (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna23 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe120 Cuir in eagar ar Wikidata
Armbuama Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide

Salman Abedi ( 22 bliain d'aois) de bhunadh na Libia, ach a rugadh agus a tógadh i Sasana, an té a rinne an t-ionsaí buamála sa chathair.[1]

Cuimhneacháin

Imeachtaí cuir in eagar

Tá an Manchester Arena ar an ionad siamsaíochta faoi dhíon is mó sa chathair agus slí ann do 21,000 duine. Bhí ceolchoirm Ariana Grande ar siúl.

Maraíodh 23, an sceimhlitheoir Abedi san áireamh, agus gortaíodh breis is 250, ar an ionsaí is marfaí sa Bhreatain ó maraíodh 52 duine sa chóras iompair phoiblí i Londain i mí Iúil 2005 (Buamáil 7/7 i Londain).

Bhí go leor páistí i measc lucht féachana na ceolchoirme, agus bhí na scórtha tuismitheoirí cráite ag lorg a bpáistí agus ag impí eolais ar an bpobal trí na meáin shóisialta.[2]

Mhaígh an eagraíocht a dtugann Stát Ioslamach orthu féin gurbh iad a bhí freagrach as an ionsaí. Bhí Abedi ag gníomhnú mar chuid de ghréasán, seachas ina aonar.[3]

Bhí an feachtas olltoghcháin ag an am curtha ar atráth ag na páirtithe polaitíochta sa Bhreatain de bharr an ionsaithe.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar