Cáelbad
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ba ea Caolbhadh (Sean-Ghaeilge Cáelbad) mac Chroinn Badhraoi, de shliocht Mhail mhic Rochraí. Inneacht iníon Lughaí ba ea a mháthair. Ba rí Dhál Araí é a mhac, Fiachna Lonn.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 4 haois |
Ardrí na hÉireann | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Sárán mac Cóelbad, Condlae mac Cóelbad, Fíachna Lonn mac Cóelbad |
Rí na nUladh ba ea Caolbhadh sular tháinig sé i gcoróin mar Ard-Rí, tar éis dó Muiredach Tirech a mharú ag Portrí. D'éiligh sé an bóramha gan cath. Bhí sé í réim ar feadh bliana sular mharaigh Eochaid Mugmedon é.[1][2][3]
Achar ama
cuir in eagar- Foras Feasa ar Éirinn: 343–344,
- Annála na gCeithre Máistrí: 356–357.[4]
Ginealach
cuir in eagarDe réir to Foras Feasa ar Éirinn, ba é Caolbhaidh mac Chroinn Bhadhraoi mhic Eochaidh Chobha mhic Lughaidh mhic Rossa mhic Iomchaidh mhic Feidhlimidh mhic Cais mhic Fiachaidh Aruí mhic Aonghsa Ghaibhnionn mhic Fearghasa Fhoghlais mhic Thiobraide Tirigh mhic Bhreasail mhic Fearb mhic Mhail mhic Rochruí mhic Chathbhaidh mhic Ghiallchaidh mhic Chunnchaidh mhic Fionnchaidh mhic Mhuireadhaigh mhic Fiachaidh Fionnamhnais mhic Iriail Ghlúnmhair mhic Chonaill Chearnaigh de threibh Ir mhic Mhíl Espáine.[5]
Le taobh sin, in Irish Genealogies le John O'Hart, is iad seo a leanas sliocht Chaolbhaidh:
- Feargán
- Mongán
- Fogartach
- Cruinnieth
- Artan
- Cuinncon
- Crum na Cruach
- Croncruach
- Eochaidh
- Searran
- Bugmaille
- Ciannait
- Gillcolum
- Donall
- Fionnach/Donoch
- Shane/John
- Tomhas
- Tomhas Oge
- Searran II
- GiollaPadraic
- GiollaPadraic Oge
- Giolgagin
- GiollaCollum
- Eachmilidh I
- Aodh
- Torlogh
- Phelim
- Eachmilidh II
- Phelim II
- Patrick McCartan
- John McCartan (D'fhág Éire i seirbhís Rí Shéamais II)
- Anthony McCartan (Lean Rí Séamas II agus d'éirigh ina Chaptaen i mBriogáid na Fraince)
- Antoine McCartan (Lia)
- Andronicus McCartan (Dochtúir Leighis)
- Felix McCartan de Lille.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Leabhar Gabhála na hÉireann, Cuid V, ll. 345, 357; eag. Robert Macalister.
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M356.1, M357.1.
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn, 47, lch 365, CELT;
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M356.1 agus M357.1.
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn, 47, lch. 365, CELT.
Réamhtheachtaí Muiredach Tirech |
Ard-Rí na hÉireann ACM 356–357 FFÉ 343–344 |
Comharba Eochaid Mugmedon |