Círéibeacha Detroit 1967
Idir 23-25 Iúil 1967, tharla círéibeacha agus sléacht i Detroit, Michigan. Fuair 43 bás (daoine gealaː 10 agus daoine gormaː 33).[1]
| ||||
Cineál | ethnic riot (en) | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | Long Hot Summer of 1967 (en) | |||
Tréimhse | 23 - 28 Iúil 1967 | |||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Líon básanna | 43 | |||
Líon gortaithe | 1,667 | |||
Cúlra
cuir in eagarÓ 1915 go 1970 d’aistrigh tuairim is sé mhilliúin duine den chine gorm ó cheantair thuaithe an deiscirt go cathracha an tuaiscirt. Tugadh " The Great Migration" air. Ní nach ionadh chothaigh seo míshuaimhneas agus teannas le geiteonna bochta duairce á maoirsiú ag póilíní bána a raibh dearcadh ciníoch ag a bhformhór.
Bhí Detroit ina cathair láidir bhríomhar agus ise ag fás aníos. Bhí meascán mearaí ciníocha sa chathair. Buaiteoir domhanda a bhí inti lena cuid carranna, lena cuid ceol Motown. Ach ag an am céanna, faoi na 1960í, bhí cathracha ar nós Detroit ar tinneall.[3] Ní raibh sé mídhleathach leatrom a dhéanamh ar bhonn cine.
Imeachtaí
cuir in eagarCuireadh an lasair sa bharrach ansin ar an 23 Iúil nuair a thug na póilíní ruathar fíochmhar faoi shíbín. Ansin bhris círéibeacha amach le ragairne santach na bhfoghlaithe sráide. Creachadh agus léirscriosadh na siopaí. Díoltas na mbocht a bhí ann.[4]
D'imir an tUachtarán, Lyndon B. Johnson, cúig an chiníochais, d'fhéadfaí a rá.[5]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Financial Times (2017). "The riots that shook America: Detroit 50 years on". www.ft.com. Dáta rochtana: 2020-07-23.
- ↑ "Detroit Historical Society | Where the past is present". detroithistorical.org. Dáta rochtana: 2020-07-23.
- ↑ Breandán Mac Gearailt. "Scannán gruama, corraitheach lán macallaí é Detroit" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-07-23.
- ↑ Sylvia Bledow. "'An Scríob" Feasta - alt 5". www.feasta.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-19. Dáta rochtana: 2020-07-23.
- ↑ C-SPAN (2017-07-20). "Físeán ar Youtube: President Johnson & the Detroit Riots: July 1967".