Cód atá bunaithe ar chóras uimhreacha dénártha, ina bhfuil dhá ghiotán (0 is 1), ní hionann is an cód deachúlach ina bhfuil 10 ngiotán (0, 1, 2… 9). Is é buntáiste an chórais dhénártha i ríomhairí digiteacha nach gá ach dhá staid leictreonacha a úsáid — as agus ann, 0 agus 1—i gcomhair gach uimhir dhénártha is féidir. Baineann ríomhairí digiteacha feidhm as cóid éagsúla chun uimhreacha, litreacha is carachtair eile a léiriú.[1]

Vicipéid i gCód dénártha

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cód dénártha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 153.