Cosnaíonn an córas inmheánachta an cholainn dhaonna. Nuair a dhéanann baictéirvíris ionradh ar an gcolainn, tagann cealla bána na fola timpeall orthu, ag cruthú antasubstaintí ar leith chun iad a ionsaí. Déanann na cealla bána na hionraitheoirí ón taobh amuigh neamhurchóideach, nó daingníonn iad go n-itheann siad amach is amach iad. Fanann na hantasubstaintí seo sa cholainn le blianta tar éis ionradh baictéar nó víreas, ionas go mbíonn an cholainn réidh tuilleadh antasubstaintí a chruthú mar chosaint i gcoinne an ghalair sin agus fiú é a sheachaint, b'fhéidir ar feadh saol duine. Tá galair víreasacha áirithe ann, áfach, SEIF mar shampla, a mhilleann na cealla gníomhacha sa chóras imdhíonach agus a fhágann an cholainn gan chosaint i gcoinne a lán galar tógálach is ceall ailseach. Is é atá i gceist nuair a imdhíontar an cholainn le vacsaín de ghalar ná an cholainn a spreagadh chun antasubstaintí ar leith a chruthú le cealla neamhurchóideacha den ghalar sin. Fanann na hantasubstaintí seo sa bhfuil ar feadh na mblianta mar chosaint i gcoinne an drochghalair sin.

WD Bosca Sonraí AnatamaíochtAn Córas imdhíonachta
Aitheantóirí
MeSHD007107
FMA9825 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/immune-system
Téarmaíocht anatamaíoch


An córas inmheánachta

Tacaíonn an córas imdhíonachta dúchasach leis an córas imdhíonachta fhaighte.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Córas imdhíonach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 171.