Cúpla ceangailte

Locht sa bhfás sutheolaíochta ina mbeirtear cúpla comhionann agus iad ceangailte le chéile go fisiciúil. Féadfaidh an mhíchuma a bheith chomh beag le sreang imleacánach amháin a bheith roinnte le chéile, nó chomh casta leis na cinn nó na stoic a bheith nasctha le chéile ionas nach féidir iad a scaradh. Tugtar cúpla Siamach ar a leithéid freisin, as an gcéad chúpla den saghas a aithníodh san aois seo, Chang is Eng (1811-1874) a rugadh i Siam (Téalainn an lae inniu).

Cúpla ceangailte