CLG Oileáin Árann

club CLG i gContae na Gaillimhe

Bunaíodh Cumann Peile Oileáin Árann i 1996 nuair a tháinig na trí oileán le chéile mar fhoireann amháin don chéad uair. Cé go raibh neart peile á himirt ar na hoileáin ar fad ar feadh blianta fada roimhe sin, socraíodh go mbeadh an cumann seo chun ionadaíocht a dhéanamh ar an trí oileán. Tá fás agus forbairt suntasach tagtha ar an gcumann ó shin agus neart éachtaí bainte amach acu.

Bosca Sonraí EagraíochtaCLG Oileáin Árann
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálclub spóirt Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1992
Gníomhaíocht
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Bhuaigh an cumann craobh an iarthair Chontae na Gaillimhe sa ngrád sóisir in 2002, rud a chiallaigh go raibh siad ag imirt ag leibhéal Sóisear A ó 2003 ar aghaidh. Cé gur shroich siad roinnt cluichí ceannais ag an ngrád sin, thóg sé go dtí 2014 orthu an grád idirmheánach a bhaint amach nuair a bhuaigh siad craobh shóisir an chontae don chéad uair. Go deimhin, bliain stairiúil a bhí in 2014 don chumann agus chomh maith le craobh an chontae, d’éirigh leo Craobh Shóisir Chonnacht a bhaint amach nuair a bhuail siad foireann ó Oileán Acla sa gcluiche ceannais i dTuaim.

I láthair na huaire tá foirne ag an gcumann ag an grád Idirmheánach agus ag grád Sóisir B agus tá ag éirí go maith leo. Tá an-spiorad i measc baill an chumainn cé go mbíonn go leor dúshláin le sárú acu. Mar gheall ar chúrsaí geografacha, bíonn go leor taistil le déanamh ag imreoirí an chumainn chun freastal ar chluichí agus ar sheisiúin traenála.