Cainteanna ar Laghdú Arm Straitéiseach

Comhdhálacha idir na Stáit Aontaithe is an tAontas Sóivéadach i 1982-1983, a cuireadh ar athló gan aon chomhaontú, agus a leanadh ag deireadh na 1980idí go dtí an chéad chonradh a síníodh i 1991, START 1 (a sheasann don Bhéarla: Strategic Arms Reduction Treaty). Laghdú i ráta táirgthe na n-arm núicléach a bhí sa chonradh seo. Faoi 1992 bhí START 2 sínithe, laghdú de dhá thrian ar stórais diúracán fadraonach ilbhuamaí núicléacha ar an dá thaobh. Dhaingnigh na Stáit Aontaithe an conradh seo i 1996, is an Rúis i 2000. Ina dhiaidh sin thosaigh comhdhálacha i dtreo START 3, agus aontaíodh an chuid seo den phróiseas i 2010.[1]

Cainteanna ar Laghdú Arm Straitéiseach

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cainteanna ar Laghdú Arm Straitéiseach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 106.