Is éard is caipín buailte[1] ann ná soitheach beag le lucht pléascach, forbairt i dteicneolaíocht na n-arm sa 19ú céad. Le titim casúir, adhantar an caipín agus madhmann sé sin an príomhlucht tiomántáin sa chartús. Ba chéim bhunúsach í i bhforbairt na mionarm nua-aoiseach le cartúis agus caipín buailte i lár an bhoinn.[2]

Caipín buailte

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): caipín buailte” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-08.
  2. Hussey, Matt (2011). "Caipín buailte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 106.