Osclóidh seo an príomhroghchlár
Caisleán Ludlow

Is caisleán scriosta suite meánoiseach, suite i mbaile den ainm céanna sa chontae Shropshire, é Caisleán Ludlow. Seasann sé ar ros, a bhreathnaíonn amach ar Abhainn Tefeidiad. Bunaigh Walter de Lacy an caisleán is dócha, tar éis Choncas na Normannach agus bhí sé ar cheann de na céad caisleáin cloiche a tógadh sa Bhreatain. Le linn an chogaidh chathartha, sa 12ú haois, d'athraigh úinéireacht an chaisleáin arís agus arís eile, idir de Lacy agus a chéile comhraic, agus neartaíodh é a thuilleadh le Túr Mór agus bábhún seachtrach mór. I lár an 13ú haois, fágadh Caisleán Ludlow le huacht chuig Geoffrey de Geneville, a atógadh cuid den bábhún istigh, agus bhí an caisleán páirteach i gCogadh an Dara Barúin. Fuair Roger seilbh ar an chaisleán sa bhliain 1301, agus leathnaigh sé an coimpléasc inmheánach de na foirgnimh a thuilleadh, agus choimeád an teaghlach Mortimer seilbh ar Ludlow ar feadh breis agus céad bliain.



[Catagóir: Séadchomharthaí Ársa i Shropshire]]