Caitríona Ní Chléirchín

údar Éireannach

Is scríbhneoir Gaeilge í Caitríona Ní Chléirchín.

Caitríona Ní Chléirchín
Saol
Eolas breithe Scairbh na gCaorach, 1978 (43/44 bliain d’aois)
Náisiúntacht Éire
Oideachas
Teangacha An Ghaeilge
Gairm
Gairm scríbhneoir agus múinteoir ollscoile
Fostóirí An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Rugadh Ní Chléirchín i Scairbh na gCaorach, Contae Mhuineacháin sa bhliain 1978.[1] Foilsíodh a céad chnuasach filíochta, Crithloinnir, in 2010. Bhuaigh sé an chéad duais i gcomórtas an Oireachtais do scríbhneoirí nua in 2010. Bhuaigh An Bhrídeach Sí, a dara cnuasach filíochta, Duais Mhichíl Uí Airtnéide sa bhliain 2015.[1] Is léachtóir le Gaeilge í sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

TagairtíCuir in Eagar