Féile mhór faoin aer den chineál ar a dtugtar "rodeo" is ea an Calgary Stampede, nó uaireanta Rodeo Calgary. Tionóltar é in Calgary, Alberta, Ceanada ar feadh deich lá gach bliain i Mí Iúil. Deirtear uaireanta gurb é “An seó faoin áer is mó ar Domhan” é. An t-imeacht bliantúil is mó i gCeanada atá ann.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCalgary Stampede
Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Map
 51°02′01″N 114°03′14″W / 51.033611111111°N 114.05388888889°W / 51.033611111111; -114.05388888889
Cineálféile
ócáid bhliantúil Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)The Big Four (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhCalgary, Alberta Cuir in eagar ar Wikidata, Alberta, Ceanada Cuir in eagar ar Wikidata
TírCeanada Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincalgarystampede.com Cuir in eagar ar Wikidata

Le linn seachtain an Stampede bíonn comórtaisí rodeo, seónna, ceolchoirmeacha, comórtaisí talmhaíochta, taispeántais chultúr na mBundúchasach, rásaí veaineanna bia ("chuck wagons") agus bricfeastaí pancóige ar fud na cathrach. Sa bhliain 2005, d'fhreastail 1,242,928 duine ar an Stampede. Bíonn paráid ann ar chéad lá na féile, ceann de na traidisiúin is faide siar de chuid an Stampede. Téann an pharáid 4.5 ciliméadar trí lár na cathrach, agus bíonn amach is isteach le 350,000 duine ann ag féachaint air. Craoltar ar an teilifís é freisin, é feicthe ag dhá mhilliún duine. Caitheann lucht Calgary éadaí den stíl Western le linn na féile agus maisítear na siopaí agus na hoifigí dá réir.

Cuireadh aonach ar siúl in Calgary den chéad uair sa bhliain 1884. Iarracht leis an chathair a chur chun cinn a bhí i gceist. Theip ar na hiarrachtaí den shaghas sin, áfach, go dtí an bhliain 1912, nuair a spreag fiontraí agus fear mór seó Meiriceánach darbh ainm Guy Weadick bocs móra na cathrach chun an chéad Stampede a chur ar siúl. Tháinig daoine le chéile ó na Stáit Aontaithe, Ceanada agus Meicsiceo chun cultúr agus saol an Iarthair a thaispeáint os comhair an tsaoil.

Paráid an Chalgary Stampede sa bhliain 1923
Cailín bó ag casadh timpeall bairille ag an Calgary Stampede

Naisc sheachtracha cuir in eagar