Calpornius

athair Naomh Pádraig

Is beag eolas atá againn faoi Calpornius a bhí ina athair ag Naomh Pádraig. Ba shaoránach Rómhánach é a raibh cónaí air sa Bhreatain sa 4ú-5ú haois. Ba rúnaí sa rialtas é agus chomh maith le sin ba dheochain é san eaglais Críostaí. Ba mhac do Photitus é a bhí ina shagart. Bhí aitreabh acu le hais baile Bannavem Taburniae. Conchesa an t-ainm a bhí ar a bhean chéile, a bhí ina máthair ag Naomh Pádraig.

Calpornius
Saol
Muintir
Páistí
liosta iomláin
Gairm

TagairtíCuir in Eagar