Calvert Vaux
Ailtire agus ailtire tírdhreacha Briotanach-Mheiriceánach ab ea Calvert Vaux (20 Nollaig 1824 – 19 Samhain 1895). I Londain a rugadh é. Rinne sé a phrintíseacht ailtireachta ansin faoi Lewis Nockalls Cottingham, a bhí chun tosaigh san Athbheochan Ghotach. D'oibrigh sé ansin go dtí go raibh sé 26 bliana d'aois. Sa bhliain 1851 thug sé aghaidh ar Newburgh, Nua-Eabhrac chun oibriú le gnólacht ailtireachta agus deartha ansin faoi Andrew Jackson Downing.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 20 Nollaig 1824 Londain, England |
Bás | 19 Samhain 1895 70 bliana d'aois Brooklyn, New York |
Siocair bháis | Bás tionóisceach (Bá) |
Áit adhlactha | Montrepose Cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Merchant Taylors' School (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ailtire, ailtire tírdhreacha |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Dhear Vaux roinnt mhaith páirceanna sna Stáit Aontaithe i dtréimhse a raibh fás mór uirbeach ar siúl sa tír úd. Sa bhliain 1865, chuir sé comhlacht nua, Olmstead, Vaux and Company, ar bun in éineacht lena chomhpháirtí sóisearach Frederick Law Olmsted. Leag siad amach Prospect Park agus Fort Greene Park in Brooklyn agus Morningside Park in Manhattan. Aithnítear thar aon ní eile iad, áfach, as Central Park.
Sa bhliain 1895, agus eisean ar cuairt ar mhac leis, bádh é i dtimpiste i mBá Gravesend, i mBrooklyn. Tá sé curtha in Kingston, Nua-Eabhrac.
Tagairtí
cuir in eagar- Foinsí
- Kowsky, Francis R., Country, Park & City: The Architecture and Life of Calvert Vaux, Oxford University Press, ua-Eabhrac 1998; ISBN 0-19-511495-7
- Rosenzweig, Roy, and Elizabeth Blackmar. The Park and the People: A History of Central Park. Ithaca, NY: Cornell University Press, 1992. ISBN 0-8014-9751-5.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Beathaisnéis Vaux, arna rochtain ar 14 Meith. 2016 Curtha i gcartlann 2020-10-21 ar an Wayback Machine
- Calvert Vaux Preservation Alliance, arna rochtain ar 14 Meith. 2016 Curtha i gcartlann 2016-09-17 ar an Wayback Machine
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |