Campa báis Sobibór (an Pholainn)

Sluachampa géibhinn sa Pholainn le linn an Dara Cogadh Domhanda ab ea Campa Báis Sobibór.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Campa báis Sobibór
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(de) Das Vernichtungslager Sobibor
Ainmnithe in ómósSobibór, Lublin Voivodeship (en) Aistrigh
Sonraí
CineálCampa díothaithe agus campa géibhinn
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinGmina Włodawa, An Pholainn (en) Aistrigh
Map
 51°26′49″N 23°35′39″E / 51.446992°N 23.594136°E / 51.446992; 23.594136
Catalógcamps/2031 (EHRI authority control (en) Aistrigh, , )
Oifigigh SS, Sobibór
stampa comórtha a d'eisigh an Rúis, 2015
Príosúnaigh a d'éalaigh (thíos i lár, oifigeach NKVD (Rúiseach))
Iarsmalann inniu

Oibríocht cuir in eagar

B'é an gnáthmhodh oibre i Sobibór ná na príosúnaigh a ghlasáil istigh i seomraí gáis lena dtachtadh le gás nimhe—Zyklon B (hidriginchiainíd) nó aonocsaíd charbóin a bhí i gceist. Ansin, ba nós corpáin na gcimí a chur trí thine i gcréamatóiriamaí móra.

I Sobibór, chaití na corpáin sa mhullach ar a chéile agus iad á ndó ansin. An luaith a gheibhtí mar seo, chuirtí sa talamh nó leis an ngaoth í.

Éirí amach cuir in eagar

I Mí Dheireadh Fómhair 1943, d'éirigh ní b'fhearr leis na ceannairceoirí i Sobibór. Ar an 14 Deireadh Fómhair 1943, d'éirigh na príosúnaigh amach. Maraíodh aon fhear déag de chuid an SS agus roinnt gardaí as an Úcráin. D'éalaigh 300, agus tháinig fiú 58 acu slán as an gcogadh.

B'éigean an campa ar fad a dhúnadh i ndiaidh an eachtra seo.

Cúlra cuir in eagar

Nuair a thosaigh an cogadh, rinneadh ár mór ar na Giúdaigh in áiteanna, agus le teacht na Nollag 1941, bhí Hitler meáite ar fad ar na Giúdaigh a chur de dhroim an tsaoil. I Mí Eanáir den bhliain 1942, cóiríodh Comhdháil Wannsee, mórchruinniú na mboc mór Naitsíoch, inar pléadh "Fuascailt Dheiridh na Faidhbe Giúdaí", Endlösung der Judenfrage.[1]

Thosaigh siad ag aslonnú phobal na ngeiteonna go dtí an seacht gcampa a bhí ceaptha mar Vernichtungslager nó sluachampaí báis ("díothú" is brí leis an bhfocal Gearmáinise Vernichtung): Auschwitz, Bełżec, Chełmno, Majdanek, Mały Traścianiec, Sobibór agus Treblinka.

Sa bhliain 1942, thosaigh an tréimhse ba mhó léirscrios den Uileloscadh le hOibríocht Reinhard, agus hosclaíodh na campaí báis i mBelzec, i Sobibór, agus i dTreblinka.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Robert Gerwarth (2011). "Hitler's Hangman: The Life of Heydrich". New Haven & London: Yale University Press. ISBN 978-0-300-18772-4.