Canúintí Ceoil

sraith theilifíse ar TG4

Sraith faisnéise ceoil ar TG4 faoi stíleanna réigiúnacha ceoil é Canúintí Ceoil.[1]

Infotaula de sèrie de televisióCanúintí Ceoil
TírÉire
Bunteangaan Ghaeilge
Bealach teilifíseTG4
An chéad eipeasóid2007
Líon séasúr1
Líon eipeasóidí6

Cláir cuir in eagar

Canúintí Ceoil (1/6) (7 Deireadh Fómhair, 2007) cuir in eagar

Sa chéad chlár den tsraith seo labhraíonn an seinnteoir fliúite Séamus Tansey ar stíleanna réigiúnacha ceoil. Tá seisean den tuairim go gcaithfear na traidisiúin réigiúnacha a choinneáil beo má táthar le ceol Gaelach a choinneáil beo. Chuaigh Canúintí Ceoil ar fud na tíre chun an scéal a fhiosrú agus casadh le Peter Browne, Joe Byrne, Mairéad Ní Mhaonaigh, Gary Hastings agus le hÁine Hensey. Sa chéad chlár den tsraith labhradh le Peter Browne agus an seinnteoir fliúite Séamus Tansey ar stíleanna réigiúnacha ceoil. Tá seisean den tuairim go gcaithfear na traidisiúin réigiúnacha a choinneáil beo má theastaíonn an ceol Gaelach a choinneáil beo.

Canúintí Ceoil (2/6) - Dún na nGall (14 Deireadh Fómhair, 2007) cuir in eagar

 
Clár ó TG4

Is fidléir í Mairéad Ní Mhaonaigh. Rugadh i gContae Dhún na nGall í agus síleann sí go ndéantar nasc idir an fhidil agus Contae Dhún na nGall go minic. Téann sí chun cainte le fidléirí aosta agus óga agus insíonn siad di cad a spreag iad chun ceoil.

Canúintí Ceoil (3/6) - Contae an Chláir (21 Deireadh Fómhair, 2007) cuir in eagar

Traidisún agus stíl ceoil Contae an Chláir a phlé An tseachtain seo tabharfaidh Áine Hensey cuairt ar Contae an Chláir. Labhraíonn sí le ceoltóirí mar Noel Hill, Mary McNamara, Joe Ryan, Kitty Hayes, Geraldine Cotter agus Peter O’Louglin.

Canúintí Ceoil (4/6) - Contae Fhear Manach (28 Deireadh Fómhair, 2007) cuir in eagar

Traidisiún agus stíl cheoil Chontae Fhear Manach a phlé. 'Tá na foinn nach mbíodh le cloisteáil ach amháin i bhFear Manach uair amháin le cloisteáil ar fud an domhain anois'” a deir Gary Hastings linn ar Chanúintí Ceoil na seachtaine seo. Labhraíonn sé le ceoltóirí mar Bríd Donnelly, Séamus Quinn, agus Jim McGrath.

Canúintí Ceoil (5/6) - Tuaisceart Chonnacht (4 Samhain, 2007) cuir in eagar

Bhí traidisiún agus stíl cheoil Thuaisceart Chonnacht á bplé. Labhair Joe Byrne le ceoltóirí mar Michael Coleman, PJ Conlon, John McKenna, agus Séamus Tansey.

Canúintí Ceoil (6/6) - Sliabh Luachra (11 Samhain, 2007) cuir in eagar

Breathnaídh ar pholcaí agus ar shleamhnáin i Sliabh Luachra le Peter Browne sa chlár seo. I measc na n-aíonna, bhí Dónal O’Connor, Bille Clifford, Aoife Ní Chaoimh agus Máire Ní Chaoimh.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar