Is cineál capaill é Capaillín Chonamara (Pónaí ChonamaraCapall Chonamara a thugtar orthu uaireanta) de bhunadh na hÉireann. Is i gceantar Chonamara a tháinig an cineál stuama seo capaill chun cinn.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCapaillín Chonamara
Equus ferus caballus Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeMammalia
OrdPerissodactyla
FineEquidae
GéineasEquus
SpeiceasEquus ferus
FospeiceasEquus ferus caballus Cuir in eagar ar Wikidata
(Linnaeus, 1758)
Ainmníocht
Ainm comhchiallach an tacsóin
Equus caballus Cuir in eagar ar Wikidata
An chéad ainm Laidine a bhí airEquus caballus Cuir in eagar ar Wikidata
Capaillín Chonamara

Tréithe cuir in eagar

Tá cáil ar leith orthu a bheith sách beag agus lán fuinnimh. Tá eolas ar thréithe agus ar ábaltacht chapaillíní Chonamara ar fud an domhain anois.

Capaillíní de mhianach Chonamara – agus Chaladh Mhaínse – ba mhó a bhí ar na foirne idirnáisiúnta a bhuaigh craobhacha léimní na hEorpa sna 2020idí.[1]

Stair cuir in eagar

Bhí na capaillíní ann leis na céadta bliain. Ach i dtús an 20ú haois, bhí capaillíní go leor de phór measctha ann.

Aithnítear Micheál Ó Máille go forleathan mar cheannródaí, ag obair chun an pór a chaomhnú. Scríobh sé litreacha chuig na nuachtáin agus é sna 1910idí ag iarraidh aird a tharraingt ar an gcontúirt, dar leis, a bhí ann go n-imeodh mianach chapaillíní Chonamara i léig uilig mura gcuirfí ord agus eagar orthu. Thug sé féin, agus Pádraig Breathnach as Ros Muc a chúnamh dó, péire capaillíní de mhianach Chonamara chuig an Seó idirnáisiúnta i Londain in 1912 agus thug léargas ansin ar mhianach agus ar ábaltacht na gcapaillíní.[1]

Bunaíodh Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara (CLCC) i 1923 i Ros Muc. Bhí an Máilleach ag iarraidh an Cumann a bhunú chomh fada siar le 1911. Ach bhí corraíl sa tír agus sa domhan sna blianta sin. Choinnigh an Máilleach leis an iarracht nó go raibh am níos tráthúla ann i 1923.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Máirtín Ó Catháin (1 Meitheamh 2023). "Comóradh ar bhunú Chumann Chapaillíní Chonamara ag doras an bhunaitheora i Ros Muc" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-02.