Osclóidh seo an príomhroghchlár
Carraig Airt
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Donegal Magnified.png
Daonra (2016)
- Baile:
222 
Airde: 30m[1]
Contae: Contae Dhún na nGall
Cúige: Ulaidh

Is sráidbhaile í Carraig Airt (Béarla: Carrigart) atá suite i nGaeltacht Dhún na nGall, Poblacht na hÉireann. Tá sí suite ag bun leithinis Ros Goill, agus í ar an bhóthar R245 idir Leitir Ceanainn agus An Chraoslach. Sa bhliain 2016, bhí 222 dhuine ina gcónaí sa bhaile.[2]

An baileCuir in Eagar

Cuireann an baile seirbhisí ar fáil fá choinne ceantair mhóir mháguaird, ina n-áireamh sin ollmhargadh, agus seirbhísí baincéireachta aige; Oifig an Phoist; ionad sláinte; agus beairic de chuid na nGardaí a oibrítear go páirt-aimseartha. Tá páirc phoiblí fosta ag an bhaile, agus í ar an chósta taobh thiar de na tithe ar an phríomhshráid. Angela Ní Ghallchóir a dhear an bhaile, a cheiliúr a chéad bliain oifigiúil cúpla bliain ó shin, cé go bhfuil daonra daonna san áit i bhfad roimhe sin. Baile agus ceantar móra talmhaíochta atá inti agus ina ceantar máguaird, agus tábhacht leis an talmhaíocht agus leis an turasóireacht fosta i ngeilleagar an bhaile. Maraon leis an chuid is mó de chósta Dhún na nGall, tá méid tábhachtach tithe saoire sa bhaile, go háirithe de chuid dhaoine de chuid Thuaisceart Éireann.

 
Carraig Airt

Tábla daonraCuir in Eagar

Déantar cur síos ar athruithe sa daonra sna blianta anuas sa tábla seo thíos:[3][4]

Bliain Daonra Athrú Athrú, %
2006 249 - -
2011 228 -21 -8.4%
2016 222 -6 -2.6%

TagairtíCuir in Eagar