Casey Kasem

aisteoir Meiriceánach

Ba aisteoir Meiriceánach é Kemal Amin "Casey" Kasem a rugadh ar an 27 Aibreán 1932 in Detroit, Michigan. Fuair sé bás ar 15 Meitheamh 2014. Staraí ceoil, fuirseoir, amhránaí agus pearsa radió a bhí ann freisin. Grósaeirí a thuismitheoirí agus é ag fás aníos. D'fhreastail sé ar Ollscoil Wayne State.

Casey Kasem
Casey Kasem.jpg
Saol
Eolas breithe Detroit, Michigan, Aibreán 27, 1932
Náisiúntacht Stáit Aontaithe Mheiriceá
Grúpa eitneach Lebanese American (en) Aistrigh
Bás Gig Harbor (en) Aistrigh, Meitheamh 15, 2014
Áit adhlactha Vestre gravlund (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  (seipticéime)
Muintir
Céile/Céilí Jean Kasem  (Nollaig 21, 1980 -  Meitheamh 15, 2014)
Páistí
Oideachas
Alma mater Wayne State University (en) Aistrigh
Northwestern High School (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm aisteoir gutha, léiritheoir scannáin, iriseoir, pearsa raidió, ceoltóir, dioscmharcach, aisteoir teilifíse agus aisteoir scannáin
Duais
Creideamh
Páirtithe polaitíochta Páirtí Daonlathach
IMDb nm0440487

Nuair a bhí air a sheirbhís míleata a chur isteach in Arm na Stát Aontaithe sna luath-1950idí, d'oibrigh Kasem mar láithreoir ar Armed Services Radio sa Chóiré. D'oibrigh sé do roinnt stáisiúin raidió i Michigan, California, agus áiteanna eile. Aithnítear é mar gheall ar an nguthú a rinne sé ar pháirt Shaggy sa tsraith Scooby-Doo!. Sa bhliain 2009, d'éirigh sé as an chuid is mó den obair sin mar gheall ar an néaltrú coirpíní Lewy (tinneas atá cosúil le galar Parkinson) a bheith ag éirí go trom air.[1] Ról guthaithe amháin sa bhliain 2010 an obair dheireanach leis, agus é ag déanamh guth athar Shaggy ar an tsraith theilifíse Scooby-Doo! Mystery Incorporated. Chuir cúirt é faoi chúram iníne leis, Kerri Kasem[2]. Is de shliocht Liobánach é agus is de chúlra Drúsach a mhuintir. Bhíodh sé gníomhúil in eagraíochtaí Liobánacha agus Arabacha sna Stáit Aontaithe.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Kasem, Julie; Kasem, Kerri; Martin, Troy (2014-05-13). CNN Tonight. Interview with Bill Weir. CNN.
  2. ainm=CNS051214>"Casey Kasem’s daughter named temporary conservator for father". Archived from the original on 12 Bealtaine 2014.