Cataitéar
Is éard is cataitéar[1] ann ná feadán mín, déanta as rubar nó ábhar sintéiseach, le cur isteach i gcuais colainne cosúil leis an lamhnán, na fuileadáin, seomraí an chroí, agus conairí na riospráide. Stíleas sreinge istigh ann chun é a dhéanamh docht le cur isteach is a dhíriú don ionad ceart, go minic faoi íomháú fluarascópach X-ghathach. Úsáidtear é chun sreabháin nó drugaí a sholáthar, fuil nó sreabhán eile nó bithóipse a tharraingt amach le tástáil, nó tomhais éagsúla — brú, ráta sreafa is eile — a dhéanamh chun galair a dhiagnóisiú.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““cataitéar” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-02-14.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cataitéar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 121.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |