Blàr Allt a' Bhonnaich

(Athsheolta ó Cath Allt a' Bhonnaich)
Blàr Allt a' Bhonnaich
Blàr Allt a' Bhonnaich

Pictiúr de Bhlàr Allt a' Bhonnaich i mBíobla Holkham (1327-35)

Dáta: 23 Meitheamh24 Meitheamh 1314
Áit: Allt a' Bhonnaich (in aice le Sruighle in Albain)
Toradh: Bua na hAlbanaigh
Céilí comhraic
Ríocht na hAlban Ríocht Shasana
Ceannasaithe
Roibeard Brús Éadbhard II
Slua
~6,500 ~20,000
Taismigh
Ní fios ~11,000*
* Bannockburn (Reese) ISBN 1-84195-465-9

Cath a troideadh in aice le Sruighlea ag Allt a’ Bhonnaich idir arm Albanach faoi cheannas an Roibeard Brús agus arm Sasanach faoi cheannas an Rí Éadbhard II, sa bhliain 1314. Bhuaigh na hAlbanaigh, agus shocraigh Blàr Allt a' Bhonnaich Cogaí neamhspleáchas na hAlban a thosaigh go déanach sa 13ú haois.

Toradh an chatha cuir in eagar

Bhí cumhacht Shasana chomh briste sin i ndiaidh an chatha nach bhféadfadh sé a thuilleadh fórsa armtha de mharcra agus de choisithe a sheoladh anall go hAlbain arís. Leis an mbua seo fuarthas saoirse iomlán, cé gur leanadh den choimhlint le Sasana in aimsir Éadbhaird, agus sa dara bliain de réimeas [Éadbhaird III], rinneadh síocháin le hAlbain, agus d'admhaigh rí Shasana go raibh Albain saor ó shin go brách ó aon tiarnas a bhí ag ríthe Shasana uirthi. Chun an tsíocháin seo a neartú, d’aontaigh Éadbhard gur cheart a dheirfiúr Ioanna a phósadh le Dáibhí, mac agus oidhre rí na hAlban.

Sainchomharthaí an chatha cuir in eagar

  • Ag an am, bhí Éire, cuid mhór den Fhrainc, chomh maith le Sasana faoi thiarnas rí Shasana Éadbhard II.
  • Roimh an gcath, ba iad an Ridire Tómas Randolph, a nia, an Tiarna Seumas Dúghlas, agus an Ridire Éadbhard Brus, a dheartháir, ina nginearáil is sinsearaí ag an Rí Roibeard Brús i gceannas an airm, agus faoina bhun. D’oibrigh sé leo ar feadh sé go seacht mbliana chun na caisleáin go léir sa ríocht a bhaint ó na Sasanaigh.
  • Mar sin, roimh an gcath, bhí Caisleán Sruighlea anois ar an dhaingean Sasanach ba thábhachtaí in Albain. Nuair a chonaic agus a chuala uaisle Shasana an scéal, thacaigh siad leis an rí ionas go rachadh sé féin go hAlbain i gceann airm chomh líonmhar agus a d'fhéadfadh sé a thógáil. D'earcaíodh breis is 20,000 fear, Sasanaigh, Éireannaigh, Breatnaigh agus fiú Albanaigh a bhí fós in aghaidh Bruis, idir choisithe agus eile, agus mháirseáil an rí féin anonn go hAlbain ar thosach an tslua.
  • Bhí a fhios ag gach aicme daoine sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht cad a mbeifí ag súil leis dá ligfí do rí Shasana an talamh a chur faoi smacht arís. Níl aon chuntas go raibh oiread Gael ariamh sa chath céanna ris na Gaill is a bhí lá Allt a' Bhonnaich.
  • Dar leis an nGinearál Stiúbhart bhí na hocht ceann feadhna deug déag seo a leanas i láthair an lá sin: an Camshrònach, an Caimbeulach, am Frisealach, an Granndach, MacAoidh, MacCoinnich, MacCuaraidh, MacGillEathain, MacGriogair, MacPhàrlain, Mac a' Phearsain, Mac an Tòisich, am Mengiseach, an Robasdanach, an Rosach, an Rothach, an Sincleireach agus an Sutharlanach. De réir an ghinearál Christison maíonn na Domhnallaigh, na Gordánaigh, na Gunnaí agus na Siosalach go raibh a gclann i láthair freisin.
  • Is léir go ndearna na Gaeil suas cuid mhaith d'arm na ríochta sna laethanta sin. D'ainneoin na gcruinnithe uile, thuaidh agus theas, ní bhfuair rí na hAlban níos mó ná idir 5,0000 agus 6,000 trúpaí le haghaidh an chatha. Mar sin féin, bhí sé seo beagán níos mó ná an ceathrú cuid d'fhórsa Shasana. Chomh maith le sin, bhí na Sasanaigh armtha i bhfad níos fearr freisin, agus bhí na boghdóirí Breatnacha san arm oilte go foirfe chun a gcuid eolais mhíleata féin a úsáid.


Beartaíocht agus ullmhúchán cuir in eagar

Threoraigh Roibeard Brús an t-arm síos go dtí machaire in aice le Sruighlea ar a dtugtar an Páirc. Bí sé cóngarach don Pháirc sin agus ar thalamh ní b'ísle a raibh ar an arm Shasanach gabhail trí phortaigh agus sruthanna uisce. Mar sin bhí rogha láithreach ag na hAlbanaigh.

Níorbh fhéidir leis na Sasanaigh Sruighlea a bhaint amach ón taobh thoir, áit a raibh an talamh ró-bhog, nó ón talamh ard ar an taobh thiar, áit a raibh coill dhlúth ann. Ina theannta sin, le linn a gcuid campála, leag na hAlbanaigh crainn ar chosáin foraoise agus thochail siad líon mór claiseanna sa talamh réidh; cheil siad na claiseanna le heorna agus féar.

Shroich foirceann theas an airm bruach Allt a’ Bhonnaich agus luigh an t-arm ar gach taobh den bhóthar ársa Rómhánach a bhí ar cheann den dá bhealach a d’fhéadfadh marcra na Sasanach a úsáid. Lean líon mór seirbhíseach, buachaillí cairteacha, comhghuaillithe, srl., nach raibh armtha i gceart, agus fir le hairm, ach a tháinig ródhéanach le haghaidh oiliúna, an campa. D'ordaigh an Brúsach an dream sin uile dul de shiúl na gcos go gleann taobh thiar den chnoc, ar a dtugtar "Cnoc nan gillean" ón lá sin, atá soir ó thuaidh de bhunáit an airm.

Roinneadh an t-arm ina dhiaidh sin mar: an fórsa bunaidh, faoi Thómas Randolph, níos faide ó thuaidh in aice le Dún Naomh Ninean; codanna faoi Sheamas Dúglas agus Éadbhaird Brús ar a dheis le taobh an bhóthair Rómhánach; agus an rannán faoi Roibeard Brús féin agus an marcra faoi Robert Keith, Iarla Marshal, mar chúltaca, níos doimhne sa choill.

An chéad lá ar an bhlár catha cuir in eagar

Tráthnóna an 23 Meitheamh tháinig arm Shasana chucu. Shocraigh siad go mbeadh an fórsa bunaidh faoi Iarla Gloucester agus Iarla Hereford ag tabhairt aghaidh ar na hAlbanaigh feadh an bhóthair Rómhánach, agus san am gcéanna gur imigh 600 ridire faoin Ridire Robert Clifford agus an Ridire Henry Beaumont chun na nAlbanach a bhaint amach ón gcúl, mar a raibh súil ag na Sasanaigh go teitheadh an t-arm Albanach.



Rinneadh an comhaontú seo sa bhliain 1328. Timpeall an Charghais, sa bhliain 1314, chuir Éadbhard Brús, deartháir Rí na hAlban, tús leis an léigear ar Chaisteal Sruighlea, a bhí faoi cheannas Sir Philip Mowbray. Nuair nárbh fhéidir le Éadbhard bua a fháil, shocraigh sé comhaontú le Mowbray - mura thagann aon fhaoiseamh roimh Oíche Fhéile Eoin 1314, bheadh air an caisleán a ghéilleadh d'Éadbhard.

Ar an 23 agus an 24 Meitheamh 1314, troideadh Blàr Allt a' Bhonnaich idir fórsaí Éadbhard II Shasana agus Roibeard Brús, rí Alban in aice le cathair Sruighle. Bhí Caisleán Sruighle (Stirling sa Bhéarla) faoi léigear ag na hAlbanaigh agus tháinig rí Shasana aneas chun é a shaoradh.

Cé go raibh arm na nAlbanach níos lú ná fórsaí Shasana bhí an lá leo agus b'éigean do Edward teitheadh lena anam.

Áirítear an cath seo mar mhórócáid i stair na hAlban, mar cé gur lean an cogadh ar aghaidh ar feadh ceithre bliana déag eile, dhearbhaigh a bhua ag Allt a' Bhonnaich (Bannockburn sa Bhéarla) seasamh agus cumhacht Roibeard Brús mar rí na hAlban, Raibeart I na hAlban. Ghlac na Sasanaigh le neamhspleáchas na hAlban i 1328.

Naisc sheachtracha cuir in eagar