Cathal Ó Searcaigh

file Éireannach

Aithnítear Cathal Ó Searcaigh mar dhuine de mhórfhilí na Gaeilge.[1] "Tá Cathal Ó Searcaigh ar an bhfile is binne agus is milse béal in Éirinn", adeir Alan Titley. "Ina dhiaidh sin is féidir leis a bheith bog, garbh, scéaltach, Rómánsúil ar a sheal".[2] Laoithe cumainn d'eacstais an tsaoil is ea an chuid is fearr dá shaothar agus tugann sé cuireadh isteach dúinn do charnabhal na beatha. "Ní le Dún na nGall amháin a bhaineann Ó Searcaigh ach leis an gCruinne", adúirt Gabriel Rosenstock.[3] "Baineann sé le gach éinne againn, mar sin, agus leis an gCruinne go léir is í istigh ionainn [...] Is í cantaireacht na Cruinne í, an ceol is binne agus is ársa amuigh."

Infotaula de personaCathal Ó Searcaigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Iúil 1956
67 bliana d'aois
Gort an Choirce, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1993 –
Ball de
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge

Musicbrainz: 3300aedc-6045-41ab-8721-0d550fbd05aa Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí filíocht Uí Shearcaigh ar siollabas na hArdteistiméireachta ar feadh cúpla bliain nó gur leasaíodh an cúrsa.[4] Is mar chuid den ‘Phrós Ainmnithe’ atá leabhar Uí Shearcaigh, "Seal i Neipeal"[5], ar an gcúrsa Ardteiste a tugadh isteach in 2012,[1][6] agus go 2024 ar a laghad.[7]

Tógáil cuir in eagar

 
2016

Rugadh Cathal Ó Searcaigh i Mín A' Leá faoi scáth an Eargail i gcomharsanacht Ghort an Choirce i dTír Chonaill. B'as Mín Doire na Slua i bparóiste na Rosann dá mháthair, Agnes Roarty. Fear de bhunadh Mhín A' Leá a bhí i Micí, athair an fhile. Ar nós go leor d'fheara Chloch Cheann Fhaola ag an am shaothraigh Micí a bheatha mar oibrí séasúrach ar fheirmeacha i Mid Lothians na hAlban, sna ceantaireacha sin thart ar Haddington, Dunbar agus East Linton. Thit cúram na feirme a bhí acu i Mín A' Leá ar Agnes nuair a bhí a fear céile as baile. Cathal an t-aon duine clainne a bhí acu.

 
2016

Scolaíocht cuir in eagar

 
2016

Fuair sé a chuid bunscolaíochta i gCaiseal na gCorr agus a chuid meánscolaíochta i nGairm Scoil Ghort A' Choirce. "Purgadóireacht anama agus aigne" a thug sé ar a thréimhse sa scoil náisiúnta. "Buillí, bualadh agus brúidiúlacht; sin an chuimhne is buaine atá agamsa ar mo chuid bunscolaíochta. Chan smacht a cuireadh ar mo shamhlaíocht i gCaiseal na gCorr ach ansmacht."[8]

Ach bhí an t-ádh dearg air, adeir sé, a ghabháil chun na gairmscoile i nGort A' Choirce. "Bhí Tomás Breathnach ag múineadh ansin. Eisean a bhí i mbun an Bhéarla. Bhí sé iontach. Chan téacsanna as leabhar an Bhéarla amháin a bhí a theagasc aige – ach téacsanna as leabhar na beatha. Thuig seisean an tábhacht a bhain le saol na samhlaíochta. Mhúin sé filíocht dúinn seachas fíricí. Cheadaigh seisean domh a bheith cruthaitheach."Ibid

 
Gort a'Choirce

Londain cuir in eagar

I ndiaidh na gairmscoile chuaigh sé go Londain, Sasana, "le taithí a chuir ar an saol – saol na gcéadfaí go speisialta. Bíonn ort na cúlbhóithre agus na cabhsaí a shiúl sula n-aimseoidh tú na sméara dubha is mó agus is milse."[8] Léigh sé cuid mhór ag an am sin a bhuíochas sin ag gabháil do shiopaí leabhar dara láimhe Charing Cross agus do leabharlann phoiblí Londan. Bhí na Beats ar thús cadhnaíochta – Ginsberg, Corso, Ferlinghetti, Snyder agus dar ndóighe, Kerouac. "Mheall saothar na mBeats mé. Bhí comhcheilg ar bun acu in éadan na gcionbhinsiún. Thug siad an fhilíocht amach ar an tsráid. Shaoraigh siad Bé na hÉigse ó shaol seasc, meánaicmeach na hAcadúileachta, áit a raibh sí ag fáil bháis de dhíobháil aicsean. Agus thug siad cead a cinn díthe an tsráid a shiúl. Dhúisigh na Beats an Dán. Ár nDán."Ibid

Ba i Londain a chum sé a chéad chnuasach filíochta, "Miontraigéide Chathrach".[9] Deir sé fosta gur chuir sé "dúspéis i ngraffiti na cathrach. Litríocht an leithris nó Éigse an Phleidhce nó Cacamas, thaitin sé liom mar go raibh sé greannmhar, graosta, dúshlánach. Shamhlófá gur cuireadh bior dhearg suas tóin na gclicheanna. Scréad dúshláine a bhí sa ghraffiti seo in éadan gach ní agus neach a bhí cúramach, coimeádach, críonna. Tuigeadh domh ag an am go gcaithfeadh friotal na filíochta a bheith chomh beo beathach leis an ghraffiti seo. Cha bheadh tairbhe ar bith teanga a úsáid a bhí chomh righin reoite le cáipéis dlí."[8]

I Londain shaothraigh sé a bheatha ag obair i dtábhairne – "The Ox and Gate", leath bealaigh idir Cricklewood agus Neasden, ceantar mór Éireannach ag an am sin.

Ollscolaíocht cuir in eagar

 
An Earagail[10]

Chaith sé tréimhse (1972-74) ag plé leis an Staidéar Eorpach san NIHE i Luimneach mar a thugtaí ar Ollscoil Luimnigh. Agus é ó dheas d'fhreastail sé ar Úr-Chúirt Éigse na Máighe, scoil filíochta a bhíodh ag Cyril Ó Céirín ina theach cónaí i Mungairit ó Shamhain go Bealtaine, ag déanamh aithrise ar na cúirteanna filíochta a bhíodh sa Tuadhmumhain sa tseanam. Tá fianaise ar an fhilíocht a cuireadh os comhair na cúirte le fáil sa leabhar "Breith" (Cló na Cúirte Éigse, Mungairit, 1974) arna chur in eagar ag Cyril Ó Céirín. Le linn do Chathal a bheith ag freastal ar an NIHE bhain sé cáil amach mar léiritheoir drámaí. Ar na léirithe a stiúirigh sé bhí "Shadow of the Glen", "The Midnight Court", "Moll".

Rinne sé bliain amháin de chéim i nGaeilge i gColáiste Phádhraig, Maigh Nuad (1978-79). Foilsíodh a dhara cnuasach agus é ina mhac léinn i Maigh Nuad – Tuirlingt[11] i bpáirtíocht le Gabriel Rosenstock. Agus é i gColáiste Phádraig bhí sé mar bhall lárnach den fhoirean iomráiteach díospóireachta a bhí acu. Ar an fhoireann chlúiteach sin bhí daoine a thuill cáil mhór ina dhiaidh sin: John O'Donohue, údar Anamchara; Mary Hanafin, Aire Oideachais, Fianna Fáil; Micheál Ó hÉanaigh, Ardfheidhmeannach i gComhairle Condae Dhún na nGall.

I ndiaidh do Maigh Nuad a fhágáil d'oibrigh sé mar láithreoir teilifíse ar "Aisling Gheal", clár ealaíon agus ceoil a léirigh Tony Mac Mahon do RTÉ.

Ó 1981 ar leith tá Ó Searcaigh ag scríobh go lánaimseartha.

Ceapadh é ina scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Nua Uladh, Cúil Raithin agus in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste (1992–1995). Bhí a mhacasamhail de phost aige in Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 1996.

Ceapadh é ina bhall d'Aosdána in 1996.

 
An Bealach 'na Bhaile

Taisteal cuir in eagar

File idirnáisiúnta atá ann a bhfuil a chuid filíochta léite aige ag féilte ealaíne ar fud an domhain. Go nuige seo tá aistriúcháin Albáinise, Béarla, Briotáinse, Catalóinise, Danmhairgise, Fraincise, Gearmáinse, Iodáilise, Neapalíse, Polainnse, Rúisise, Rómáinse, Seirbea-Chróitise, Seapáinse agus Spáinnise déanta ar a shaothar.

Ó 1996 tá tréimhsí cáite aige i Neipeal, áit a bhfuil mac uchtaithe aige ann, Prem Timalsina agus anois tá beirt chlainne ag Prem, mac agus iníon Prashant agus Parmita.

Tugann a leabhar "Seal i Neipeal"[12][13] sracfhéachaintí i bhfocail, i bpictiúir agus i bhfilíocht ar an tír dhiamhair sin faoi scáth Everest. "Tá Seal i Neipeal ar cheann de na leabhair is aoibhne agus fearr dar scríbhadh sa Ghaeilge le deich mbliana anuas. Leabhair taistil, ach leabhar smaointe agus leabhar grámhar," adúirt Alan Titley agus é ag tabhairt breith ar shaothar Uí Shearcaigh.[2]

Is mar chuid den ‘Phrós Ainmnithe’ atá leabhar Uí Shearcaigh ar chúrsa na hArdteiste a tugadh isteach sa bhliain 2012[4][1] agus atá ann go dtí 2024 ar a laghad.[7]

Sa bhliain 2008 thóg an scannán, Fairytale of Kathmandu,[14][15][16] aird na meán i dtaca leis an obair charthanach a bhí ar siúil ag an fhile i Neipeal agus an gaol a bhí eadar é féin agus na fir óga a raibh sé ag cabhrú leo. Dhírigh an plé ar mhíchothromaíocht chumhachta agus mar sin de.[17][18][19]

Cáineadh lucht déanta an scannáin as míbhuntáiste a ghlacadh ar an fhile san dóigh gur cuireadh an scannán i láthair.

Chuir Dermot Moore ón iris Hot Press agallamh cuimsitheach i mBéarla faoi gconspóid ar an fhile a foilsíodh i mí Feabhra 2009.[20][21] Labhair an file faoi ar RnaG,[22][23] ag dúirt go raibh aiféala air má ghoill a shaol pearsanta ar aon duine ach nach raibh aon rian den dúshaothrú ag baint lena chaidreamh leis na fir. Rinne Paddy Bushe scannán cosanta dar theideal The Truth About Kathmandu (2009).[24]

Duaiseanna agus Gradaim cuir in eagar

  • 1996: Toghadh é ina bhall d'Aosdána
  • 2000: Bronnadh Dochtúireacht oinigh sa Léann Ceilteach air ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann
  • 2000: Bronnadh The Irish Times Literature Prize ar "Ag Tnuth leis an tSolas, Dánta 1975–2000
  • 2007: The Ireland Fund Literary Award
  • 2013: Mórán duaiseanna Oireachtas na Gaeilge buaite aige thar na blianta, na cinn is déanaí ar son na mbailiúchán filíochta "Aimsir Arsa" (2013) agus "An Bhé Ghlas" (2016).

Dánta leis ar chúrsa na hArdteistiméireachta le tamall de bhlianta: "Níl Aon Ní", "Fiacha an tSolais", "Fothrach Tí i Mín na Craoibhe", "Maigdiléana", "Na Colmáin".

Déantar staidéar ar a shaothar sna hOllscoileanna in Éirinn agus thar lear.

Saothar cuir in eagar

Bhronn Ó Searcaigh bailiúchán dá lámhscríbhiní, á chnuasach ealaíne agus a leabharlann pearsanta féin ar an Stáit. Tá cúram an deonacháin seo faoi Leabharlann Condae Dhún na nGall faoi láthair. Is minic go mbíonn ócáidí chultúrtha ar siúil ina theach cónaí i Mín A' Leá, faoi scáth an Eargail.

Cnuasaigh filíochta cuir in eagar

  • 1975: Miontraigéide Chathrach agus Dánta Eile, Cló Uí Chuirreáin
  • 1978: Tuirlingt (i bpáirtíocht le Gabriel Rosenstock agus Bill Doyle, grianghrafadóir) Carbad, BÁC
  • 1983: Súile Shuibhne: grianghrafadóireacht le Rachael Giese, (Rogha Éigse Éireann, 1983); Coiscéim, BÁC
  • 1987: Suibhne, ainmnithe ar ghearrlíosta Irish Book Awards; Coiscéim
  • 1991: An Bealach 'na Bhaile, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co na Gaillimhe
  • 1996: Na Buachaillí Bána, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
  • 2000: Ag Tnúth leis an tSolas, 1975-2000, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
  • 2002: Caiseal na gCorr (grianghraif le Jan Voster) Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
  • 2005: Na hAingle ó Xanadú, Arlen House, Gaillimh
  • 2006: Gúrú i gClúidíní, ealaín le Ian Joyce) Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
  • 2011: An tAm Marfach ina Mairimid (ealaín le Ian Joyce) Arlen House, Gaillimh
  • 2013: Aimsir Ársa (ealaín le Ian Joyce) Arlen House, Gaillimh
  • 2014: Na Saighneáin (ealaín le Ian Joyce) Arlen House, Gaillimh
  • 2015: An Bhé Ghlas, Leabhar Breac, Indreabhán

Eagráin Dhátheangach cuir in eagar

  • 1993: Homecoming / An Bealach 'na Bhaile (in eagar ag Gabriel Fitzmaurice), Cló Iar-Chonnacht : Bronnadh Duais an Riordánaigh ar an chnuasach seo, 1993; cuireadh athchló ar an chnuasach go minic
  • 1997: Out in the Open: in eagar ag Frank Sewell, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán : Ainmnithe don Aristeon European Prize for Poetry 1998
  • 2006: By the Hearth in Mín a' Leá: aistriúcháin le Seamus Heaney agus Frank Sewell, Arc Publications : The Poetry Society (UK) Translation Choice for 2006
  • 2015: An Fear Glas / The Green Man, ealaín le Pauline Bewick (aistrithe ag Paddy Pushe, Gabriel Rosenstock agus Frank Sewell) Arlen House, Galway
  • 2016: Out of the Wilderness aistriúcháin le Gabriel Rosenstock) The Onslaught Press, Oxford

Saothair Próis cuir in eagar

  • 2004: Seal i Neipeal, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán : bronnadh Duais Piaras Béaslaí ar an leabhar taistil seo ag Oireachtas, 2004[5]
  • 2011: Pianó Mhín na bPréachán (úrscéal) Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
  • 2017: Teach an Gheafta (úrscéal) Leabhar Breac, Indreabhán
  • 2017: Lugh na Bua / The Deliverer: Cathal Ó Searcaigh, Seán Ó Gaoithín, Seán Fitzgerald: The Onslaught Press, Oxford

Drámaí cuir in eagar

  • 2005: Oíche Dhrochghealaí: dráma véarsaíochta bunaithe ar scéal Salome/Eoin Baiste, Coiscéim, BÁC
  • 2006: Mairimid Leis na Mistéirí: trí ghearrdhrámaí, Arlen House, Gaillimh

Saothar i mBéarla cuir in eagar

  • 2009: Light on Distant Hills, cuimhní cinn, Simon & Schuster, London
  • 2014: Soul Space, leabhar ar chúrsaí spioradálta (foilsithe faoin ainm cleite Charles Agnes) Evertype, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo

Stair cuir in eagar

  • 1994: Tulach Beaglaoich: Inné agus Inniu / Tulach Begley: Past and Present, Glór na nGael, Fál Carragh

Eagarthóir cuir in eagar

  • 1997: An Chéad Chló, rogha de shaothar nuafhilí, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
  • 2013: The Other Tongues: an Introduction to Writing in Irish, Scots Gaelic and Scots in Ulster and Scotland, Duillí Éireann, Béal Feirste
  • 2013: Margadh na Míol i Valparaiso / The Flea Market in Valparaiso: Rogha dánta le Gabriel Rosenstock (roghnaithe ag Cathal Ó Searcaigh, maraon le réamhrá i nGaeilge agus i mBéarla), Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán
  • 2014: An tAmharc Deireannach / The Last Look, Rogha dánta le Colette Ní Ghallchóir, roghnaithe ag Cathal Ó Searcaigh, Arlen House, Gaillimh

Eagarthóir ar Duillí Éireann/Irish Pages i bpáirtíocht le Chris Agee; ceann de phríomhirisí litríochta na tíre

Ceol i gcomhar le cumadóirí éagsúla cuir in eagar

  • 2005: Tearmann, sraith de dhánta Uí Shearcaigh, cóiriú ceoil le Neil Martin, curtha i láthair an phobail den chéad uair ag Féile Ealaíne an Chlocháin. An West Ocean String Quartet a tabhairt tionlacan don fhile
  • 2009: Oileán na Marbh, liricí Uí Shearcaigh; an ceol cumtha ag Neil Martin, canta ag Maighread Ní Dhomhnaill i bpáirtíocht leis an West Ocean String Quartet); Ae Fond Kiss, West Ocean Records
  • 2012: Síle an tSléibhe, ceoldráma, an ceol cumtha ag Derek Ball, canta ag Elizabeth Hilliard, curtha i láthair an phobail den chéad uair sa Back Loft (La Catedral theatre) BÁC, Meán Fómhair 2012
  • 2013: Rhapsody na gCrann: focail le Cathal Ó Searcaigh, an ceol cumtha ag Ciarán agus Pól Brennan, canta ag Clannad; Clannad: Nádúr, Arc Music

Rinne Cathal tionscnaimh éagsúla ceoil i bpáirtíocht le Altan, Brian Kennedy, Diana Cannon, Nomos, agus go leor ceoltóirí eile.

Tionscnaimh Ealaíne cuir in eagar

  • 2003: Trasnú, saothar filíochta le Cathal Ó Searcaigh, taispeántas ealaíne le Maria Simonds Gooding. Foilsíodh catalóg den taispeántas (An Gailearaí, Gaoth Dobhair)
  • 2004: Luxury of a Skylight, in éineacht le Janet Mullarney: dánta agus saothar ealaíne. Eagrán teoranta i gcása, sínithe agus uimhrithe. Foilsithe ag Edizioni Canopo, Prato, Italy
  • 2005: Dialann / Diary, in éineacht le Barbara Lea (ealaíontóir) agus Paulette Myres-Rich (déantóir leabhar), eagrán teoranta i gcása, sínithe agus uimhrithe. Foilsithe ag Traffic Street Press, St Paul, Minnesota
  • 2012: The Green Man, Bailiúchán de 10 liotagrafanna cruthaithe agus curtha i gcló ag Aoife McGarrigle i gCló Ceardlann na gCnoc, Co. Dhún na nGall, maraon le 10 dánta le Cathal Ó Searcaigh: eagrán teoranta i gcása, sínithe agus uimhrithe
  • 2004: The View from Bealtaine, bunaithe ar Cór Úr, dán iomráiteach de chuid Uí Shearcaigh, curtha i gcló ag Barbara Tetenbaum i gCló Ceardlann na gCnoc, Co. Dhún na nGall. Eagrán teoranta, sínithe agus uimhrithe

Leabhair i dtaobh a shaothair cuir in eagar

  • 2000: Modern Irish Poetry: A New Alhambra, Frank Sewell, Oxford University Press
  • 2002: On the side of Light: Aistí téacsa agus léirmheasa ar saothar filíochta Uí Shearcaigh, curtha in eagar ag James Doan & Frank Sewell, Arlen House, Gaillimh
  • 2005: Na Buachaillí Dána: Cathal Ó Searcaigh, Gabriel Rosenstock le Pádraig de Paor, An Clóchomhar, BÁC

Aistí léirmheasa ar shaothar Uí Shearcaigh cuir in eagar

  • 1993: A Going Back to Sources, léirmheas le Michael Longley ar "Homecoming / An Bealach 'na Bhaile", Poetry Ireland Review 39
  • 1996: Cathal Ó Searcaigh: a Negotiation with Place, Community and Tradition, Gréagóir Ó Dúill, Poetry Ireland Review 48
  • 1997: Wrestling with Angels, léirmheas le Sean Lysaght ar "Out in the Open" Poetry Ireland Review 55
  • 1997: The Indelible mark of Cain: Sexual Dissonance in the Poetry of Cathal Ó Searcaigh, Lillis Ó Laoire in "Sex, Nation and Dissent in Irish Writing", eagarthóir Eibhear Walsh, Cork University Press
  • 2000: Irish Writing in the Twentieth Century: A Reader, David Pierce, Cork University Press
  • 2000: Cathal Ó Searcaigh and Aspects of Translation, Nobuaki Tochigi: Éire-Ireland (Spring/Summer 2000) Vol.35
  • 2000: Ag Tabhairt Teanga don Tost, Lillis Ó Laoire, Réamhrá, Ag Tnúth leis an tSolas: Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co Galway[25]
  • 2003: Between Two Languages, Frank Sewell, The Cambridge Companion to Contemporary Irish Poetry, eagarthóir Matthew Campbell: Cambridge University Press
  • 2005: Trén bFearann Breac, plé ar fhilíocht Uí Shearcaigh, Máirín Nic Eoin, Cois Life, BÁC
  • 2007: "For Isaac Rosenberg": Geoffrey Hill, Michael Longley, Cathal O'Searcaigh, aiste le Tara Christie i The Oxford Handbook of British and Irish War Poetry, curtha in eagar ag Tim Kendall, Oxford Handbooks, ISBN 9780199282661
  • 2008: The Given Note – Traditional Music and Modern Irish Poetry, Seán Crossan: Cambridge Scholars Publishing, Newcastle upon Tyne
  • 2009: Préamhachas an Ultachais i bhFilíocht Chathail Uí Shearcaigh, A J Hughes, Filí agus Filíocht: Éigse Cholm Cille, Doire
  • 2010: Cathal Ó Searcaigh: aiste léirmheasa i "Scríbhneoirí faoi Chaibidil, eagarthóir Alan Titley", Cois Life, BÁC
  • 2010: Cathal Ó Searcaigh, aiste léirmheasa le Caitríona Ní Chléirchín i "Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge", eagarthóir Ríona Ní Fhrighil, Cois Life, BÁC
  • 2015: A Major Voice, léirmheas ar "Aimsir Ársa" agus "An Bhé Ghlas" le Paddy Bushe, Poetry Ireland Review 117

Duanairí ina bhfuil a shaothar le fáil cuir in eagar

Tá Ó Searcaigh ar dhuine den bheagán filí Gaeilge a bhfuil a shaothar le fáil sna mórdhuanairí de nua fhilíocht na hÉireann. Seo a leanas sampla.

  • 1986: The Bright Wave / An Tonn Gheal, Raven Arts press
  • 1986: Filíocht Uladh, eagarthóir Gréagóir Ó Dúill: Coiscéim, BÁC
  • 1991: The Field Day Anthology of Irish Writing: Volumes III and IV, curtha in eagar ag Seamus Deane, Field Day
  • 1995: Modern Irish Poetry: An Anthology, curtha in eagar ag Patrick Crotty, The Blackstaff Press, Belfast
  • 1996: Anthologie de la Poésie Irlandaise du XXe siecle, Éditions Verdier
  • 1997: Writing the Wind: The New Celtic Poetry, New Native Press, USA
  • 1998: The Oxford Book of Ireland, curtha in eagar ag Patricia Craig, Oxford University Press
  • 1998: Treasury of Irish Love, eagarthóir Gabriel Rosenstock: Hippocrene Books, New York
  • 1999: The Pilot Star Elegies, filíocht agus aistriúcháin, Sherod Santos, W W Norton, New York
  • 1999: Watching the River Flow – A Century of Irish Poetry, curtha in eagar ag Theo Dorgan, Poetry Ireland
  • 2000: The Hip Flask: Short Poems from Ireland, curtha in eagar ag Frank Ormsby, Blackstaff Press, Béal Feirste
  • 2000: Duanaire an Chéid, eagarthóir Gearóid Denver: Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Co. na Gaillimh
  • 2000: Fearann Pinn: Filíocht 1900-1990, eagarthóir Gréagóir Ó Dúill: Coiscéim, BÁC
  • 2001: Gaolta Gairide, eagarthóir Máirín Nic Eoin: Cois Life, BÁC
  • 2002: A Conversation Piece: Poetry and Art, eagarthóirí Adrian Rice agus Angela Reid: Abbey Press, An Iúraigh
  • 2002: 20th Century Irish Poems, roghnaithe ag Michael Longley, Faber & Faber
  • 2003: The Blackbird's Nest: Poetry from Queen's University Belfast, eagarthóir Frank Ormsby: Blackstaff Press, Béal Feirste
  • 2003: Modern Poets of Europe: a Selection, eagarthóirí Patricia & William Oxley: Spiny Babbler
  • 2004: Poems from the Irish, Gabriel Fitzmaurice: Mercier Press, Cork
  • 2005: Lón Anama: Poems for Prayer from the Irish Tradition, eagarthóir Ciarán Mac Murchaidh: Cois Life, BÁC
  • 2006: The Ulster Anthology, eagarthóir Patricia Craig: The Blackstaff Press, Béal Feirste
  • 2007: Our Shared Japan, eagarthóirí Irene De Angelis agus Joseph Woods: Dedalus Press, BÁC
  • 2008: The Essential Gabriel Fitzmaurice: Selected Poems and Translations: Mercier Press, Cork
  • 2008: Filíocht Ghrá na Gaeilge / Love Poems in Irish, eagarthóir Ciarán Mac Murchaidh: Cois Life, BÁC
  • 2008: The New North: Contemporary Poetry from Northern Ireland, Wake Forest Press, Winston-Salem, North Carolina
  • 2008: A Fine Statement: An Irish Poet's Anthology, curtha in eagar ag John McDonagh, Poolbeg Press, BÁC
  • 2010: The Penguin Book of Irish Poetry, curtha in eagar ag Patrick Crotty, Penguin Books
  • 2010: An Anthology of Modern Irish Poetry, curtha in eagar ag Wes Davies, The Belknap Press of Harvard University Press, Cambridge, Massachusetts
  • 2011: Voices at the World's edge: Irish Poets on Skellig Michael, curtha in eagar ag Paddy Bushe, Dedalus Press, BÁC
  • 2011: The Willow's Whisper: Poetry from Ireland and Native America, eagarthóirí Jill M O'Mahoney agus Mícheál Ó hAodha: Cambridge Scholars, Newcastle upon Tyne
  • 2014: If Ever You Go: A Map of Dublin in Poetry, eagarthóirí Pat Boran agus Gerard Smyth: Dedalus Press, BÁC
  • 2016: Leabhar na hAthghabhála / Poems of Repossession, curtha in eagar ag Louis De Paor, Bloodaxe Books, Cló Iar-Chonnacht

Duanairí i dTeangacha Iasachta cuir in eagar

  • 1996: Bollirà La Rugiada: Poesia irlandese contemporanea (Iodáilis): Moby Dick, Faenza
  • 1998: Das Zweimaleins Des Steins Poesie Aus Irland, Edition die horen
  • 1999: Schönes Babylon (Gearmáinis), eagarthóir Gregor Laschen: DuMont Buchverlag, Köln
  • 2000: Vzdálené Tóny Naděje: Antologie Irské Poezie (The Distant Music of Hope) (Polainnis), Host, Brno
  • 2007: Amanairis (Slóivéinis), eagarthóirí Tina Mahkota agus Gabriel Rosenstock: Antologie Vilenice, Ljubljana

Eagráin i dTeangacha Iasachta cuir in eagar

  • 1996: Le Chemin du Retour / Pilleadh an Deoraí, eagarthóir A J Hughes: La Barbacane, Bonaguil, France
  • 1997: Distreiñ d'ar Gêr / An Bealach 'na Bhaile, eagarthóir A J Hughes: Skrid, Brittany
  • 1998: Drumul Spre Casa / Romanian Translations, eagarthóir Christian Tămaş: Editura Ars Longa, România
  • 2006: Kathmandu – Translations into Nepali, eagarthóir & aistritheoir, Yuyutsu R D Sharma: Nirala Publications, New Delhi

Agallaimh leis an fhile cuir in eagar

  • 1997: Ón Taobh Istigh: Agallamh le Cathal Ó Searcaigh, Marion Kelly: Macalla, NUI Gaillimh
  • 2002: In the Chair: Interviews with Poets from the North of Ireland curtha in eagar ag John Brown, Salmon Publishing, Co. an Chláir
  • 2010: Close to the Next Moment: Interviews from a Changing Ireland curtha in eagar ag Jody Allen Randolph, Carcanet Press, Manchester

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 "D’fhéadfadh ceist faoi Chathal Ó Searcaigh a bheith ar pháipéar Ardteiste ‘amach anseo’ – SEC" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-04.
  2. 2.0 2.1 Alan Titley, Scríbhneoirí faoi Chaibidil (Cois Life, Baile Átha Cliath, 2010)
  3. Gabriel Rosenstock, ina léirmheas ar Gúrú i gClúidiní (Comhar, 2006)
  4. 4.0 4.1 Méabh Ní Thuathaláin (12 Meitheamh 2019). "‘Tá sé ar an gcúrsa nó níl sé ar an gcúrsa’ – ‘áiféiseach’ nach mbíonn aon cheist faoi Chathal Ó Searcaigh ar scrúdú na hArdteiste" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-04.
  5. 5.0 5.1 O'Searcaigh, Cathal (2004). "Seal i Neipeal". Cló Iar-Chonnacht. 
  6. An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, Rannóg Pholasaí, Cháilíochtaí, Churaclaim agus Mheasúnachta (Márta 2010). "GAEILGE na hARDTEISTIMÉIREACHTA". Dáta rochtana: 2022.
  7. 7.0 7.1 AN ROINN OIDEACHAIS AGUS EOLAÍOCHTA curriculumonline.ie (2022). "GAEILGEː NA SIOLLABAIS AGUS AN CÓRAS MEASÚNACHTA". Dáta rochtana: 4 M.F. 2022.
  8. 8.0 8.1 8.2 Ón Taobh Istigh: Agallamh le Cathal Ó Searcaigh, Marion Kelly: Macalla (OÉ Gaillimh 1997)
  9. Cló Uí Chuirreáin, 1975
  10. "An Earagail/Errigal Mountain" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2022-08-07.
  11. Carbad, 1978
  12. Cló Iar-Chonnacnta, 2004
  13. Beo - EAGRÁN 35 (MÁRTA 2004). "Seal i Neipeal" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-09-04.
  14. "Fairytale of Kathmandu" (as en) (2022-07-29). Wikipedia. 
  15. Emma Browne (2008). "Another view of Fairytale in Kathmandu | Magill". magill.ie. Dáta rochtana: 2022-09-05.
  16. Ronan McGreevy (12 Feabhra 2009). "Poet only had sex with 'small fraction' of men" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-09-05.
  17. "Ó Searcaigh's Kathmandu controversy is about ethics and responsibility" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-08-07.
  18. "Controversy over Cathal Ó Searcaigh" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-08-07.
  19. "Cathal O Searcaigh's denial is typically Irish | Magill". magill.ie. Dáta rochtana: 2022-08-07.
  20. Agallamh le Cathal Ó Searcaigh. "The Case for the Defence". Hot Press. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-03-18. Dáta rochtana: 2022-09-05. (subscription only)
  21. The Hot Press Newsdesk. "In the new Hot Press: Cathal Ó Searcaigh makes his case". Hotpress. Dáta rochtana: 2022-09-05.
  22. RnaG Barrscéalta (2008). "Agallamh". Dáta rochtana: 2022.
  23. Tomaltach (2008-03-31). "Fiche Focal ...: Ó Searcaigh Interview: Agallamh; Aistriúchán:Translation". Fiche Focal .... Dáta rochtana: 2022-08-07.
  24. Kathmandu revisited to clear poet’s name, Colin Coyle, The Times, 13 Meitheamh 2009, curtha i dtaisce ar 13 D.F. 2009
  25. Preface starting at page 15, "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-10-18. Dáta rochtana: 2017-03-25.

Naisc sheachtracha cuir in eagar