Cathal mac Áeda

Rí Bhreá

Rí Dheisceart Bhreá de chlann Uí Chearnaigh as Loch Gabhair, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Cathal mac Aodha (Sean-Ghaeilge Cathal mac Áeda) (bás 737). Aodh Laighean mac Néill (bás 722) ba ea a athair, agus an tArdrí, Diarmaid mac Aodha Sláine (bás 665), a shín-sin-seanathair.[1] Maraíodh a athair i gCath Alúine, nuair a cloíodh go dona muintir Uí Néill ag fir na Laighean.[2] Fo-chlann Uí Chearnaigh ba ea Síol Aodha Laighean, mhuintir de shliocht Aodha Laighean. Bhí Cathal i réim ón mbliain 729 go dtí 737.

Infotaula de personaCathal mac Áeda
Beathaisnéis
Bás737 (Féilire Ghréagóra)
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Féach freisin Cathal mac Aodha, rí Mumhan

Feictear lua éigin iAnnála Uladh don bhliain 733:[3]

Coscrath Cathail do Domnall a Tailtae & coscradh Fallomuin do Chathal a Tlactghu.
Coscairt Chathail ag Domhnall i dTailte, agus coscairt Fallomuin ag Cathal i dTlachta.

Tá comhaontú idir staraithe gur Cathal Chathal mac Finghin (bás 742), rí Mumhan, an té atá luaite. Molann an staraí, Charles-Edwards ámh Cathal mac Aodha. Luann sé nach ndéantar trácht ar an eachtra seo i nAnnála Inis Faithlinn, iad dírithe ar an Mumhain, agus molann fosta go ndearna Domhnall ruathar ar Chathal ag Tailte, an baile ina bhíodh príomhaonach ardríthe Uí Néill ar siúl. Chloígh Cathal ámh clann Colmáin Bhig faoi cheannas Fhallomoin mhic Con Congalt ag Tlachta, suíomh eile ina eagraítí aonach Uí Néill.[4]

Bhíodh achrann ar siúl idir Uí Chearnaigh agus Uí Chonaing as of Cnóbha i dtuaisceart Bhreá ó dhúnmharú sheanathair Chathail, Niall mac Cearnaigh Sotal (bás 701) ag Iorghalach mac Conaing (bás 702).[5] Sa bhliain 737, chloígh rí Uí Chonaing Bhreá, Conaing mac Amhalaí (bás 742), Cathal agus ghaol, Cearnach mac Fógartaigh (bás 738), ag Cath Lia Ailbe ar Mhaigh nAilbhe, Contae na Mí, agus maraíodh Cathal.

Insítear bás dheartháir Chathail, Domhnall, sna hannála don bhliain 759.[6]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
  2. Annála Tiarnaigh, AT 722.8
  3. Annála Uladh, AU 733.7
  4. Charles-Edwards, lch. 477-480
  5. AU 701.11
  6. AU 759.1